Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 39

39

Crichnuidhter an 2 ni adubrumar re h-aiterrach. dilegtha do reir aitherraigh in adbuir cintuigh. Mod fuil derg bis cintach and, dilegtar an t-adbur le borraitse & le glaisin coilled ar ndenum siroipe dibh, & le siroip rosicda ina cuirfidter sanduile dubh, & campura; & gabur a mblatha, & curtur a mala lin. Modh linn ruad bis cintach and, dilegtar an t-adbur le siroip do borraitse, & glaisin choilled, & viola, & na raibi uisgi ina curtur sanduile, & rois, & campura; & gabur blatha na luibid so arna cur a mala. Mod linn fuar bis cintach and, dilegtar é


p.148

le siroip an borraitse, & na glaisin choilled, & h-oiximel sgille, ina curtur nútmuic, & mayorana; & gabur ubull noch doniter do silni an mil moir, & do lignum aloes, & do nutmuic. Mad linn dub bis cintach and, dilegtar le siroip an borraitse & na glaisin coilled, & le siroip in fuimitir, & le oiximel sgille ana mbia lignum aloes & canel & clous.