Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 27

27

Tuic mina roib adbur morgaighti arna coimcéngal no nescoid arna h-indibh, no cosachtach arin othar, gurub maith fotracadh isin fiabras so fa dó sa ló, ar ndilegad an bidh, ma do gnathaigh se he; & ní du dó acht beith bocc , oir cnaiigh in tes, & teigidh, & folmuighe; masedh ní foghnann san eslainti so nac adhburda. Et ní du a beith fedh alluis do denum ann , acht uisgi fuar do dortadh air a cedoir, no a crothad, innus na gortuighe sé é; oir ni fognand fotracadh uisgi buicc no te doib cum folmuighti a cuirp, innus co fetfadís uisgi dfulung a nderigh in fotracaigh , do reir Galen.