Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 18

18

Et adeir Bernard tuic co mbí in fín núa te sa cetceim, & in seinfín te sa 3 ceim, & in fín inmedhonach sa ceim taniste; & ní maith in fín arrsaid co poindidach mar leighes amhain, & ní maith in fín núa mar biadh, na mar leighes; & is maith in fín inmedonach mar biadh, & mar digh, & mar leighes. (&) Is maith in fín dona dainibh te oir folmuige sé iad, & is maith dona dainibh fliucha é, oir mesruidhi se in fliuchaidacht, 7 aipighi, & is maith dona dainibh fuara é, oir beirid cum mesurdachta


p.90

iad & is maith dona dainib tirma é, oir fliuchid se iad, & failighid, & do reir sin is maith do gac uile coimplex é .i. in fín maith.