Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 10

10

Item is iad daine is minca toitis isin n-eslainti so re n-abur etici, & isin terciana .i. in lucht aca mbí coimplex te tirim59, acht in lucht aca mbi coimplex te fliuch, is taosca toitid siad a coimplex an fiabris morgaighti o efemera, & tar a eisi sin, an lucht aca mbí tes nís mo, & tar a eisi sin in lucht aga mbí tirmach nís mó. Et mad te tirim in coimplex, & gorta do beith air in otur, & esbaid collata, & saothar corpurda air, toitid co h-eillinghthi aibeil a n-efemera, & mina faghuid biadha a cétoir tiaguid a fiabras morguigthi.