Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 23

23

O do labrumar don cuislinn, tuic curub doib so is cora & is mó foghnus isna h-eslaintibh só .i. an lucht aga mbí cruas & tighi cuirp, & o nach diansgailter acht becan, & ní mar sin don lucht aca mbí cuirp tánuidhi & tigerndas lenna ruaidh i mbel an gaile, oir ni fognand si doib sin; & i n-aimsir fuar fliuch: & is mo fognus dona dainib donna gnathuiges moran feola do caithim. Fiafraighidhter47 and so, da mbía becan dfuil maith isin corp, & moran do lennuibh omha, in fognand cuisle and? Derbtur co fognunn, do reir Galen, & derbaid Ipocras an lucht línas co h-imurcach iad, & ara mbí laitert, & nach fetuid sin gan om lennann, & mar a mbí becan dfuil maith & moran do lennuibh omha, co fognann cuisle ann.