Corpus of Electronic Texts Edition
A seventeenth-century criticism of Keating's 'Foras Feasa ar Éirinn' (Author: unknown)

p.121

A seventeenth-century criticism of Keating's Foras Feasa ar Éirinn

1

Errata .i. earráide fuair na príomheólaidhe amach san stair so Doctúir Céitin amhail chuirfoim (=chuirfíom) síos ann so.

2

A leightheóir gibé thú, bíodh a fhios agad nach d'fhonn iomurbháidhi nó ráidhseachais re haonneach dá eólaighe nó dá aineolaighe d'ollomhna nó uaisle Éreann do chuiris romham an saothar sa an duine maith beannaighthe, an Doctúra .i. Séthrún Céitin do ghlanadh ón méid fuaras do shalchur ann a n-aghaidh phríomhleabhar barántamhla na hÉireann, agus fós ná meas gurab do thár nó do thaircisne ar eolas an duine maith dhiada fhoghlamtha do bhí 'na sheanchaidh agus 'na stairtheóir ro-mhór do chuiris lámh ina thimchioll, acht nár mhaith liom a chomhphrionnsapálta do leabhar gan bheith roghlan fírinneach dhó. Do réir mo mheasa fós ní raibhi fonn claoin nó cleathraimh ar an Doctúir le haoinneach d'fhearaibh Éireann asa ndéanfadh leatrom ar aon seach a chéile díobh. Measoim, dá bhrígh sin, gurab é nídh tarla dhó: aois ealadhna Leithe Cuinn do chruinniughadh an méid fuaradar do sheinleabhraibh aosda ughdardha ar lorg eaglaise agus ealadhan i nÉirinn fán am sin gur ghlanadar Leabhar Gabhála, agus Réim Ríoghraidhe, agus leabhair iris agus naoimhsheanchos, agus beathadha na naomh as na leabhraibh sin; uime sin go measoim gur diasa fiaigh leabhar nár glanadh agus nár féchadh le haois ealadhna nó


p.122

le comhthinól daoine foghlamtha le a cúig nó a sé do chédaibh bliadhan fá mar ba gnáth a nglanadh (an uair do bhí cumos agus ceannas na críche ag Gaoidhiolaibh) tarla leis. Bíodh go ccuirionn an Doctúir maith síos ughdair mhaithe eaglaise agus ealadhanta le mórán díobh, tuig, a léightheóir, gurab iomdha lámh a millte tarla friu, ón aimsir fár scríobhadh ó thús iad go haimsir an Doctúire do ghabh le n-ais a scríobhadh, nár thuig agus nár legh go romhaith iad, agus uime sin fós go ttugadar an chuma tháinic lena ttoil agus lena ttuigsin féin ar gach nídh nár thuigsat do shaothar na ndaoine maith. Agus dá dhearbhadh gurab í sin an fhírinne, má tá gurab ealadha an dána dhírigh cuid as buige agus as sothuigsiona do thrí healadhnach prionnsapálta na Gaoidheilgi, as feasach mé féin gurab ro-annomh duainaire nó dán chonnairc scríobhtha a cceart riamh mur bhfacas begán ar lorg aos ealadhna díobh [2] agus mur sin dona sgéltaibh bega boga oile go hiomlán. Dá réir sin ní hiongnadh na seinleabhair mheamroim agá raibhe cruas scríobhneóracht agus Gaoilige do scríobh iomad do dhaoine diaidh a ndiaidh nár chuiriodur a n-ord nó a n-oireagar féin orra do bhrígh nár thuigsat agus nár léighsat go hiomlán iad, bíodh nach amhlaidh do shaoileadur féin é.

3

Do réir a ndubhromar as é nídh do ba mian liom, gach seachrán agus gach dearmad dá bhfaicthar dham do bheith a saothar an duine maith sin .i. Séthrún Céitin, an Doctúir maith diadhachta, do glanadh leis na leabhraibh sin a-dubhart go glanadh leis an aois ealadhna agus agá raibhi breathnughadh urmhór daoine foghlamtha na ríoghachta d'eglais agus d'ealadhain agus do dhaoine uaisle orra. Ná tuigeadh aon nduine do chill nó do thuaith gurab ag cur a n-aghaidh an duine maith fhoghlamtha onóraigh a-táim, acht ag congnamh agus ag teacht leis ar mhaith lena shaothar agus leis an ríoghacht dá bhfoghnann sé. Tuig fós, a léightheóir, nach bhfuil pinnsi ná tarbha ná luaigheacht shaoghalta ó dhuine nó ó dhaoine d'uaisle ná d'ísle na hÉireann agam do láthair asa ndiongnainn claon nó cleathramh le druing díobh seach a chéile. Tuigim fós ar bhriathra an Doctúira gurab ar an ccor chéadna sin do bhí.

4

Ag so cuid dona seinleabhraibh as ar glanadh na leabhair sin thuas adubhart, mur atá Leabhar Bhaile Uí Mhaoilchonaire do scríobh Muirghios mac Paidín Uí Mhaoilchonaire as Leabhar na hUidhre do scríobhadh i cCluain Mhic Nóis a n-aimsir Naoimh Chiaráin, Leabhar Baile Uí Chléirigh do scríobhadh a n-aimsir Mhaoilsheachloinn Mhóir mhíc Dhomhnoill rígh Éreann, Leabhar Muintire Duibhgeannán ó Sheanchuaith Ua n-Oiliolla dá ngiorthar Leabhar Glinde Dá Locha, mailli re hiomad do leabhraibh gabhála agus seanchosa oile geinmothád.

5

Ag so an t-aois ealadhna lér glanadh na leabhair sin mailli re beathadhaibh agus re naomhsheanchos na naomh Éironnach, mur atá Cochoigríche Ó Cléirigh, agus Míchél Ó Cléirigh, an bráthair mionúr as


p.123

Conbhint Manistreach Dhúin na nGall, Fearfeasa Ó Maoilchonaire, agus Cúchoigcríche Ó Duibhgeannán as Cóigeadh Chonnacht; agus iar na scríobhadh dóibh ro thaisbáin [3] an Bráthair Míchél Ó Cléirigh iad don méid nach raibhe do láthair a scríobhtha do aois ealadhna Leithi Cuinn agus Leithi Mogha d'urmhór, agus go háiridhthe do Fhlann mhac Cairbre mic Aodhagáin do bhí 'na b(hreitheamh) f(éineachais) as Urmhumhain, agus do Mhac Bruaideadha .i. Conchobhar mac Conchobhair ionnas gur chuireadur a lámha air, agus iar sin don phríomháith agus do mhórán d'easpogaibh agus do phréláidibh eaglaise na hÉireann, agus go háiridhthe d'Éaspog Oil Finn, Baothghalach Mac Aodhagáin do bhí eólach a nGaoidheilg mur fa dual dó. Tugsat uimhir áiridhthe do dhaoinibh uaisle na ríoghachta agá raibhi dúil aca gan bheith ainbhiosach a sgélaibh a sean agus a sinnsior fa deara ar an aois ealadhna céadna corp an Leabhair Ghabhála sin do ghlanadar as na seanleabhraibh do scríobhadh dóibh féin. Ba díobh sin a nGaoidheilg bhuig Tighearnan Insi Ceithlionn, Conchobhar mac Conchobhair, agus Fearghal Ruadh m[a]c Taidhg mic Oiliolla Uí Gadhra, agus Toirrdhealbhach mac Sémais mic Cochláin. Uime sin do chuirios romham an saothar sa an duine maith Séthrúin Céitin do ghlanadh leis na leabhraibh sin an aois ealadhna ionnas go mbeithdís na leabhair ar aonsgél agus nach beith brég lena cur 'na leith.

6

Ag so nóta ar urmhór gach neithe dá bhfuaras a n-aghaidh na leabhar sin an tseanchosa do glanadh leis an aois ealadhna a leabhar an Doctúra, bíodh gur scríobhas mórán díobh ann mo leabhar féin go neamhaireach agus ar a leisge liom a bheith ag síréiliughadh saothair an duine maith.

7

Ar tús san díonbhrollach, mur a n-abair gur dhearbhráthair do Muircheartach mac Muireadhaigh mic Eóghain mic Néill Naoighiallaigh (dá ngoirhtar Muircheartach mac Earca ó Earc inghean Loairnn rí Alban do bheith 'na máthair aige) Fearghas mac Eirc mic Eachach Muinreamhair do shliocht Chonaire mic Mhogha Lámha gona chúig dearbhráthar oile do ghabh neart a n-Alboin agus agar ríoghadh an Fearghas sin ann ar Albain. Ag so clann athar Muircheartaigh do réir an chraoibhsgaoilidh atá san Leabhar Eóghanach féin orra, mur atá Muircheartach, Fearadhach, Moen agus Tighearnach, amhail adeir an rann:

    1. Ceithri meic ag Muireadhach
      fria hEarc ba saor so sen
      Fearadhach agus Tighearnach
      Muircheartach is Moen.


p.124

8

A-deir mur a labhronn ar an Lia Fáil i nGabháil Tuaithe Dé Danann gurab do shliocht Mhaine mic Cuirc mic Luighdheach an rígh Sémas gona shliocht, agus atá craobhsgaoileadh Dál Riada ag seanchaidhibh Éireann agus Alban agá dhearbhadh gur do shliocht Chonaire mic Mhogha Lámha atá do Shíol Éiriomhóin é.

9

Ag so mur chuirsiot an t-aois ealadhna go deidhionach áiriomh na haimsire ó Ádhomh go gein Críost síos do réir mur do scríobhsat a seanughdair féin ina seanleabhraibh ar lorg an dá fhear seachtmhoghad agus ughdair aireaghdha eólach 'na heaglaise leanas a lorg-sidhe a n-áiriomh na n-aos. Óir gé atá sainiughadh agus éxsamhlacht fhaisnéise ind áiriomh na n-aos ccéadna eidir ughdaraibh iomdha, as iad an dá fhear seachtmhoghad gus an druing leanas iad ina rímh agus ina n-áireamh as mó do leansat seanughdair na Gaoidhilge diaidh a ndiaigh.

10

Áiriomh an dá fhear seachtmhoghat ar na ceithri cédaosaibh don doman: ó Ádhomh go dílinn 2242; ó dhílinn go hAbraham 942; ó hAbraham go Dábhídh 940; ó Dhábhídh go broid Babilóine 485; an cúigeadh haois ó bhroid Baibilóin go gein Críost 590. As uime do chuirsiot na hughdair do lean an dá fhear seachtmhoghat nuimhir bliadhan an cúigeadh haimsir leis na ceithri cédaoisaibh do chomhlíonadh na nuimhire bliadhna so 5199 .i. an líon bliadhan ó Ádhomh go gein Críost. As dona hughdaraibh leanas an dá fhear seachtmhoghat is na ceithri céadaoisbih: Eusebius áirmhios ina chroinic ó chruthughadh an domain go gein Críost 5199; Orosius isin chédchaib. dá chédleabhar a-deir go bhfuil ó Adhamh go hAbraham 3184 agus ó Abraham go gein Críost 2015—a suim sin araon 5199. Dá phríomhstaraidhe egailse Críost iad sin. A-dubhairt fós S. Hieronimus ina epistil do chom Titus nár comhlíonadh sé míle bliadhan d'aois an domhain go sin. Adeir trá S. Augustinus isin 10 cab. don 12 leabhar De civitate Dei nach áirmhionn ó chruthughadh an domhain sé míle bliadhain [5] go sin. Cuirthar ina leith sin araon go tteagaid risin an lucht reampa i n-énnuimhir conntais ó chruthughadh go gein Críost 5199. Dearbhadh oile ar an áiriomh chéadna an Martarloig Rómánach dheimhnighios iomláine bliadhan na n-aos so ó chruthughadh an domhain go gein Críost 5199.

11

Mur so chuirios ríoghraidh Tuaithe Dé Danann síos i. Nuadha Airgiodlámh ar tús roimh Bhreas mac Ealathain agus do-bheir tríocha bliadhain dó a n-áit fhithchit bliadhan. As amhlaidh chuiras an Leabhar Gabhála agus an nuile dhuain seanchois agus Réim Ríoghraidhe dá labhrann orra síos iad .i. Breas seacht mbliadhna gur híocadh lámh Nuadhat, agus Nuadhat fithche iar sin.

12

thugionn acht deich mbliadhna ar thrí fithchit d'Eochaidh Allathair, .i. an Daghdha, a n-áit ceithri fithchiot bliadhan.


p.125

13

A-deir gurab trí bliadhna ochtmhoghat ar dhá chéd iar mbáthadh Pharao a Muir Ruaidh tángadar Mic Míleadh i n-Éirinn. A-deir an Leabhar Gabhála atá glan ón aois ealadhna gurab a ccionn trí mbliadhan ar ochtmhoghat ar thrí chéd tángadar iar mbáthadh Pharao go hÉirinn, agus cuirid síos gach rígh dár ghabh an Éigipt ón Pharao Cincris sin do báthadh a Muir Ruaidh go Pharao Nectimbus dárbh inghean Scota, máthair seisir mac do Chloinn Mhíleadh Easpáinne, an líon bliadhan bhí gach rígh díobh a bhflaithios na hÉigipte, ionnas nárbh éidir dóibh gan áiriomh na haimsire go cinnte do bheith aca.

14

Cobhlach Mac Míleadh do réir Leabhair an Doctúra 30 longa agus tríocha laoch ann gach luing. Cúig longa ar thrí fithchit do réir an Leabhair Ghabhála.

15

A-deir gurab é Cairbre Músg mac Conaire fuair a bhfuil ó bhealach mhór Osraighe go Cnoc Áine Cliach a nduais dána ó Fhiacha Mullethain mac Eóghain Mhóir. As cian d'aimsir ria Fiacha Mulleathain do-chuadar sliocht Fiachach Fir Mara mic Aonghosa Tuirmhigh Teamhrach don Mhuimhain, .i. sinnsior Cairbre Músg dá ngoirthear Érna Mumhan, gur bheanadar comhroinn críche amach ann, soim áiridhthe do chédoibh bliadhan ria bhFiacha Mulleathain do bheith a cceannos Mumhan.

16

Ní áirmhionn acht 14 bliadhna d'Éiriomhón a n-áit chúig bliadhna dég.

17

Ní áirmhionn acht 67 bliadhan do Thighearnnmos a n-áit 77 bliadhan, agus a-deir na hioldatha tugadh ar édoighibh le linn Eochach Edgadaigh gur re linn [6] Tighearnnmois do hordaigheadh iad.

18

Seachtmhoghat bliadhan chuirios a n-áit 40 ar Chearnmna agus ar Shobhairce.

19

Ní chuirionn acht trí bliadhna ar Fhiacha Labhroinne a n-áit 24.

20

Seacht mbliadhna chuiras ar Fhaildeargoid mac Muineamhoin a n-áit 10 mbliadhan.

21

Ní thugann d'Ollomh Fódhla acht tríocha bliadhain a n-áit 40 bliadhain.

22

Do-bheir tríocha bliadhan in-áit 20 bliadhain d'Fhionnachta mac Oiliolla.

23

Cúig bliadhna dég do-bheir do Shlánoll mac Ollamhan a n-áit seacht mbliadhan.


p.126

24

Do-bheir 17 mbliadhna do Ghéidhi Ollghothach a n-áit 12 bhliadhan.

25

Do-bheir tríocha bliadhain d'Fhiacha mac Fionnachta a n-áit 20 bliadhan.

26

Do-bheir do Shíorna Síorshaoghlach mac Déin 21 a n-áit 150.

27

Do-bheir 22 bhliadhain d'Art Imleach mac Éilim a n-áit 12 bhliadhain.

28

Do-bheir seasga bliadhain do Nuadha Fionn Fáil a n-áit 12 bliadhain.

29

Do-bheir 30 bliadhain d'Fhionn mac Bratha a n-áit 22 bhliadhan.

30

Ní thugann acht cúig bliadhna do Dhuach Fionn mac Sédna a n-áit 10.

31

Do-bheir ceithri bliadhna do Mhuireadhach Bolgraidh i n-áit bliadhna agus míosa.

32

Deich mbliadhna do-bheir do Chonoing Begeglach a n-áit 20 bliadhan.

33

Secht mbliadhna do-bheir d'Fhiachta Tolgach a n-áit 10 mbliadhan.

34

Naoi mbliadhna do-bheir do d'Oilioll Fionn a n-áit aon bhliadhain dég.

35

Ní thugann d'Úghoine Mhór acht tríocha bliadhain a n-áit 40 bliadhain.

36

Ocht mbliadhna dég do-bheir do Labhraidh Loingseach a n-áit 10 mbliadhna.

37

Seacht mbliadhna do-bheir do Mheilge Molbthach a n-áit a 17.

38

Naoi mbliadhna do-bheir do d'Fhearchorb mac Mogha Cuirb a n-áit a 11.

39

Cúig bliadhna dég do-bheir do Chonnla Cruaidhchealgach a n-áit 20 bliadhan.

40

Aoin bhliadhain dég do-bheir d'Eochaidh Ailtleathain a n-áit 17 bliadhan.


p.127

41

Do-bheir a dó dég d'Fhearghas Fortamhail a n-áit aoin bhliadhain dég.

42

Do-bheir ocht mbliadhna fithchit d'Énna Aighneach a n-áit 20 bliadhain.

43

Ní thugann acht tríocha bliadhain a n-áit 70 do Rudhraidhe mac Sitrighe.

44

Trí bliadhna do-bheir do Ionnadmair a n-áit naoi mbliadhan.

45

Cúig bliadhna do-bheir do Lughaidh Luaighne a n-áit a cúig dég.

46

Sé bliadhna dég do-bheir do Eidirsgél a n-áit cúig mbliadhna.

47

Sé bliadhna dég do-bheir do Lughaidh Sraibhndearg a n-áit 26 mbliadhan.

48

[7] Fithche bliadhain do-bheir d'Fhearadhach Fionnfheachtnach a n-áit dá bhliadhain agus fithche.

49

Seacht mbliadhna fithchiot do-bheir d'Fhiacha Fionnfholaidh a n-áit a 17.

50

Ní thugann acht fithche bliadhain do Chonn Cédchathach a n-áit 35 bliadhan.

51

Seacht mbliadhna do-bheir do Chonaire a n-áit ocht mbliaghna.

52

Seacht mbliadhna fithchet do-bheir do Chairbre Lifeachair a n-áit a 17.

53

Trí bliadhna dég ar fhithchit do-bheir d'Fhiacha Sraibthine a n-áit 37.

54

Do-bheir trí bliadhna ar fhithchet do Mhuireadhach Tíreach a n-áit 30 bliadhan.

55

Seacht mbliadhna do-bheir d'Eochaidh Moighmheadhón a n-áit ocht mbliadhain.

56

Do-bheir seacht mbliadhna dég do Chriomhthonn mac Fiodhaigh a n-áit a 13.

57

Ní thugann acht trí bliadhna do Thuathal Mhaolgharbh a n-áit 11 bliadhan.

58

Do-bheir dhá bhliadhain agus fithche do Dhiarmaid1 mac Fearghosa Ciorrbheóil a n-áit fithchit bliaghain.


p.128

59

Do-bheir trí bliadhna d'Eochaidh agus do Dhomhnall a n-áit dá bhliaghain.

60

Do-bheir seacht mbliadhna fithchet d'Aodh Uairiodhnach a n-áit seacht mbliadhan.

61

Do-bheir ceithri bliadhna do Mhaolchobha a n-áit trí mbliaghan.

62

Ní thugann acht trí bliadhna dég do Dhomhnall mac Aodha a n-áit 16 mbliadhan.

63

Trí bliadhna dég do-bheir do Chonall agus do Cheallach a n-áit seacht mbliadhna dég.

64

Sé bliadhna do-bheir do Bhláthmac agus do Dhiarmaid a n-áit ocht mbliadhan.

65

Sé bliadhna do-bheir do Sheachnosach a n-áit cúig mbliaghan.

66

Seacht mbliadhna do-bheir d'Fhionnochta Fleadhach a n-áit fithche bliadhan.

67

Do-bheir naoi mbliadhna do Chongal Cinnmhaghar a n-áit seacht mbliadhan.

68

Seacht mbliadhna dég do-bheir d'Fhearghal mac Maoile Dúin a n-áit 10 mbliadhan.

69

Ceithri bliadhna do-bheir do Chaonaodh a n-áit trí mbliaghan.

70

Dá bhliadhain ar fhithchit do-bheir do Dhomhnall mac Murchaidh a n-ait 20 bliadhan.

71

Ceithri bliadhna do-bheir do Niall Frosach mac Fearghail mic Maoile Dúin a n-áit seacht mbliadhan.

72

Ceithri bliadhna fithchit do-bheir d'Aodh Oirdnidhe a n-áit cúig bliadhna fichit.

73

Ní thugann acht fiche bliadhain do Dhonnchadh mac Floinn a n-ait a 25.

74

Deich mbliadhna do-bheir do Chonghalach mac Maoilmhithigh a n-áit a 12.

75

Deich mbliadhna do-bheir do Dhomhnall mac Muircheartaigh a n-áit 24 mbliadhan.


p.129

76

As iongnadh liom dá olcas Leabhar Gabhála nó Réim Ríoghraidhe dá ttarla leis an Doctúir a mbeith comhdhearmadach seachránach leis an leabhar sa, agus as mór an bharamhail atá agom ar son gur beg le [8] trí fithchit bliadhain ó do thrácht Séthrún Céitin a leabhar gurab iomdha lámh do scríobh é ó shoin do-rinne dearmad agus díochuimhne ar chóip láimhe an Doctúra gan a scríobhadh commaith agus do fhágaibh é.

77

Cuiridh leabhar an Doctúra síos ina a bhfoisgél uaigneach go raibhe dhá chluais capoill ar Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Úghoine Mhóir .i. sinnsior na Laighneach. Agus gibé mur atá an sgél sin 'na fhírine nó 'na bhréig, ós 'na bhréig as cosmhoile a bheith, as é duine ar a ccuirionn Leabhar Arda Macha an sgél sa ar thighearna do bhí ar Úíbh Fáilghe dárbh ainm Eochaidh, agus as air do bhí an ainimh sin .i. dá chluais chapoill, agus as cian d'aimsir d'éis Labhraidh Loingsigh do bhí ann; agus ní hé Craiftine Cruitire do bhain adhbhar na cruite as an ccrann inar sgéith mac na baintreabhaighe a rún, acht cruitire oile; agus ní tuigthí uaithe aonphurt acht 'Eochaidh Fearseich2, dá n-ó eich fair', .i. dá chluais.

78

Cairbre Cinn Cait do Aithigh Tuathaigh ro ghabh flaithios Éirionn tar éis Criomhthoin Niadh Náir, as é áit a ccuirionn Leabhar an Doctúra síos é a ndiaidh Fiachach Fionnfholaidh; agus trí rígh ó Chairbre Cinn Cait anuas an Fiacha sin.

79

Cuiridh síos mur an ccédhna gur bhris Mogha Nuadhat deich ccatha ar Conn Cédchathach, agus ainm na n-áiteadh inar bhris iad. Ní fhuil amhoras agom gur scríobh an Doctúir sin ná aoin oile dá bhrégaighe dá bhfuil ina leabhar ann, acht ní fhuair scríobhtha roimhe a ndrochleabhraibh dá nár cóir géilliomh mur a-dubhart thuas. Ní fhuil an nídh sin a n-aoinleabhar barántamhail ná ó ughdar maith ar bioth re a thaisbáineadh; agus dá mbeith aon focal don fhírinne ann do luaidhfidhe i stair Chatha Moighe Tualoing agus Moighe Léna é, mur a bhfuil stair an tsluaigh ó thús a n-imreasna go críochnughadh a ccogadh agus go marbhadh Eóghoin Mhóir ar Moigh Léna. Agus fós dá mbriseadh Eóghan an uiread sin do chathaibh ar Conn, as iongantach nach mbainfeadh ceannas agus urláimh na hÉireann go hiomlán de. Agus fós dearbhadh oile gur brég é, dá mbeith a n-aoinleabhar dár cóir géilleamh ar bioth do thabhairt dó do leabhraibh Éireann as [9] cosmhail go bhfuigheadh an tsaoidh fhoircthe fhíreólach agus an inneóin forais gacha dána agus gacha deaghealadhan, .i. Tadhg mac Dáire mac Bruaideadha, le a mhaoidheamh é san imreasain do bhí eidir é féin agus mo sheanathair, .i. Lughaidh Ó Cléirigh. Óir ní raibhe i nÉirinn ina aimsir féin ná ó shoin, agus ní bhiaidh go bráth do réir cosmhalacht,


p.130

sás dá fhagháil amach agus dá chosnamh dob fhearr iná é, agus mur nár mheas go rachfadh aige ara shuidhiughadh ná ar a sheasamh do léig thairis é. Agus an ní oile a-deir leabhar an Doctúra go raibhi gorta ar fud Éireann nó gur fhóir Eóghan iad le probhision agus le lón do-rinne d'oirchill ar an aimsir do bhí chuige, agus gur dhaorsat cách iad féin agus gur umhluighsat d'Eóghan mur gheall ar an bhfurtacht sin; má a-tá go raibhi a riachtanas sin san Mumhain nó go ttugsat umhla dhó, ní raibhi ar an ccuid oile d'Éirinn; agus dá dhearbhadh é ní thugadar umhla d'Eóghan. Agus fós ní faghthar a laoidh nó a litir do sheinleabhraibh Éireann go raibhe Éire níosa thortaighe agus níosa fhearr iná mur do bhí re linn Cuinn Chédchathaigh acht amháin Conaire nó Cormac. An nídh oile a-deir gur a bhfeill do mharbadh Eóghan Mór le Conn, as follas as stair Moighe Léna féin nach bhfuil acht brég ann sin, óir as amhlaidh innsios an uile áit ina bhfuil go glan, dhá chomhdhalta Cuinn do-chuaidh a tteachtoireacht uaidh do crochadh d'Eóghan, reacht agus neimh do ghlacadh Conn3 as sin go nár fhan le mórchruinniughadh do dhéanamh acht amháin an líon tarla ina fharradh d'fhearaibh Connacht go ro ionnsoigh ar maidin mórshluagh Mogha Nuadhad go ro marbhadh Mogh Nuadhat ann iar ndíoláith-riughadh mórán don tsluagh dhó. Agus ní ar a leabaidh do marbhadh é mur a-deir leabhar an Doctúra. Agus a-tá Lughaidh ag teacht ris so mur a n-abair re Tadhg ag tabhairt freagra ar son bponc so:
    1. Cosmhoil sin is mur deiri
      nár chuir Conn fógra reimhe,
      gan leithsgél agad acht sin,
      san chath ré marbhadh Eóghoin.4
      • Nach maith an fógra catha
        re a chur i cceann do fhlatha
        longphort do ghabháil 'na ghar
        is teachta Cuinn do chrochadh.
        • As amhlaidh fuairais sgéla5
          Eóghan Mór ar Moigh Léna
          nach raibhi i ccathais mur Chonn
          do dhóigh a harmáil eachtronn.
          • [10] Geibhis ar maidin go moch,
            a chodladh nír chodladh troch,
            mur nach raibhi comhlíon céd
            do bhí Conn ar a choiméd. &c.


p.131

80

Do-gheibhim san leabhar chéadna é ag labhairt ar Fhorbhais Droma Dámhghoire. Ag so mar a-deir:
‘Tarla fan am sin teirce feóla ar Chormac mac Airt rígh Éreann, agus é ar ccaithiomh cíosa na ccóigeadh tré líonmhuire lochta a theaghlaigh; agus do-rinne comharle rena fheadhmontach cionnas do-ghébhadh nídh re riar a mhuirir go ham a chíosa do thógbháil. As í comhuirle tug a fheadhmantach dhó, sluagh líonmhar do thionól agus triall don Mhuimhain do thabhach rudhrachais cíosa rígh Éireann; "óir ní díoltar leó", ar sé, "acht cíos aoin chóigidh libh-si, agus a-táid dá chóigeadh san Mhumhain, agus téid cíos cóigidh do rígh Éireann as gach cóigeadh díobh." Cinnis Cormac ar an ccomharle sin, agus cuiris teachta go Fiacha Mulleathain fá rígh ar an Muimhain an tan sin do thabhach cíosa an dá chóigeadh air. Freagrais Fiacha dona teachtoibh agus as eadh a-dubhairt nach díolfadh barr cíosa re Cormac nachar díoladh ris na ríoghaibh táinic roimhe. Mur ráinic an sgél sin Cormac cuiris cruinniughadh ar shluagh líonmhar agus triallas leo, agus ní dhearna coimhnaidhe go ráinic Druim Dámhghoire san Mhuimhain, áit dá ngoirthar Cnoc Luinge a-niodh. Agus suidhis a bhforbhais nó a bhfoslongphort ann, agus tig Fiacha Mulleathan rígh Mumhan don leith oile ucht re hucht do. As amhlaidh do bhí Cormac an tráth sin agus draoithe ó Albain ina fhochair ann sin agus iad ag imirt draoidheachta ar rígh Mumhan ionnas go rabhadar daoine agus airnéis a nguais d'easbhaidh uisge, ionnas gur bh'éigion do rígh Mumhan fios do chur a ndáil Mogha Ruith .i. draoi do bhí i cCiarraidhe Luachra; agus mur tháinig Mogha Ruith dob éigion do rígh Mumhan dhá thríocha céd Fear Moighe, dá ngoirthar Críoch Fhear Moidhe6 agus Críoch Chundúnach, do thabhairt dó. Agus leis sin sgaoilis Mogh Ruith an glas do bhí ar an uisge agá chongbháil ó shluagh Rígh Mumhan maille re ga geinntlidhe do bhí aige do theilgion san aéer suas, agus an áit inar thoirling an ga do ling tobar fíoruisge as gur fóireadh fir Mhumhan ón éigion tarta ina rabhadar. Agus leis sin lingis Rígh Mumhan gona shluagh ar Chormac gona mhuintir gur ruagadar [11] as an Mumha[i]n iad gan cath do thabhairt nó creach do dhéanamh dóibh. Agus do bhadar ag tóireadhacht orra go hOsraighe gur bho héigion do Chormac cuir agus teannta do thabhairt uaidh re bráighde do chur ó Theamhraigh go Ráith Noei, ré ráidhtear Cnoc Rathfonn, go Fiacha Mulleathan a ngioll ré cúitiughadh do thabhairt ann gach dochar dá ndearna don Mhumhain san turas sin. Gonadh dá aisneis sin atá an rann:

    1. 'Fiacha Mulleathan, maith an rígh,
      a hiaith aidhbhle leath ro bhaoi,
      tugadh géill a Teamhraigh tréin
      go Rathfoinn réil go Ráith Naoi.'


p.132

81

A-táid trí hadhbhair as nach cóir meas fírinne do bheith ar an fhoisgél beg fábhoill sin. An cédadhbhar, nach raibhi rígh ar Éirinn riamh ria ccreidiomh dob egnaighe eólaighe iná Cormac agus dob fhearr ceart agus smacht iná é; agus do bhí ro-fhírénta ionnas gur thaisbéin Dia soillsi an chreidimh dhó as a fhírinne agus as a eólas do réir mur a-deir an Doctúir féin agus mórán do sheinleabhraibh Éireann. Uime sin as dochreidthe go ccuirfeadh roimhe ainchion nó cíos do chur a a bhráthair féin, Fiachra Mulleathan rígh Mumhan, nár chuir aoin rígh roimhe ar chomhairle feadhmantaigh nó duine eile ainbhfiosaigh. An dara hadhbhar, as iongantach liom go ccuirfeadh draoithe nó diabhaldánacht ar bioth dúile Dé ar a ccomhairle féin le hoibriughadh do dhénamh acht do thoil Dé féin. An treas adhbhar, dá mbeith Fiacha comhneartmhar agus a-deir an sgél-sa as iongnadh nach beanfadh an ríghe do Chormac nó roinn innte, amhail a-dubhairt Lughaidh Ó Cléirigh ag tagra re Tadhg mac Dáire ar an ccúis chéadhna:

    1. Créd tug d'Fhiacha gan ríghe7
      do bhuain de nó roinn tíre
      dá mbeith Cormac a láimh leis
      iar maidhm fair mur do mhaoidhis?
      • Brég do Mhogh Ruith do-fheadar
        do chur san sgél sa ar Pheadar
        go ndubhairt leis, ní rádh ceart,
        'méaraidh choidhche do dhraoidheacht'.
        • Sgél fuar ar a bhfionntar brég,
          ní cóir a chreidiomh go hég,
          's gan congnamh aoinleabhair lais,
          as mur sin a-tá t'fhoirbhais. [&c.]

82

Cuiridh síos gurab é sinnsior Síol Súiliobháin tug a aonshúil don draoi. Mur so aithrisios sin:
‘As a n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhoill do bheith a bhflaithios Éireann táinic fili Alban[ach] dárbh ainm Labhán draoi a nÉirinn, agus do-chualaidh iomrádh ar eineach Eochaidh aonshúla sinnsior Síol Súiliobhán, agus triallas dá fhios don Mhumhain; agus mur ráinic Eochaidh [12] iarras a shúil air, agus do fhaomh Eochaidh sin dó. Agus tarla Ruadhán Lothra an tan sin a bhfarradh Eochaidh, agus an tan do-chualaidh an itche ainndlightheach iarras ar Dhia súil Labháin do dhol i cceann Eochaidh agus an feidhm do-níodh do Labhán do dhénomh dhó. Agus ann sin8 tug Eochaidh a shúil do Labhán téid súil Labháin i cceann


p.133

Eochaidh gur lean de sin Súil Liabhán, .i. súil Labháin, de féin agus dá shíol ó shoin a leith.’

83

As follas san leabhar dinnsheanchois agus i cCuairt Athairne, gibé do léighfeadh iad, gurab é Eochaidh mac Luchta do chlannaibh Deadhaidh do bhí 'na rígh Mhumhan tug a aonshúil do Athairne áilghiosach, draoi nó file do bhí ag Conchobhar mac Fachtna Fáthaigh rígh Uladh. Agus as uime do iarr í a ndíoghoil Ceirce Boirche rugsat éigis cóigidh Mhumhan ó Chonchobhar, .i. Feircheirtne, file Con Raoi mic Dáire. Agus do bhí cúig céd go leith agus corra bliadhain eidir aimsir Chonchobhair agus Con Raoi mic Dáire agus aimsir Dhiarmada mic Fhearghosa Ceirbheóil agá n-abair seision an sinnsior sa Shíol Súilliobhán do bheith a ccomhaimsir fris.

84

A-deir gur le Diarmada mac Fearghosa Ceirbheóil dá ngoirthear Diarmoid mac Cearbhoill, do cuireadh Cath Cairnn Chonaill ar Ghuaire mac Colmáin. Agus as amhlaidh do bhí sin: do bhí énrígh dég ar Éirinn ó bhás Diarmada mic Cearbhoill gur ghabh Diarmaid Ruanaidh mac Aodha Sláine, lé ttugadh Cath Cairnn Chonaill, ríoghacht Éireann, amhail as follas san Leabhar Gabhála agus san Leabhar Iris agus a stair an chatha féin inn gach áit ina bhfuilid go glan, agus amhail a-deir file áiridhe san rann sa:

    1. Diarmaid Ruanaidh ro-chlothach
      ba hairdrígh ar Éirinn ollbháin,
      'na aimsir ós Connachtaibh
      ba rígh Guaire mac Colmáin.

85

A-deir gur le linn Tuathail Mhaolghairbh do bhí a bhflaithios Éreann roimh Dhiarmaid mac Cearbhoill do ghabh Guaire Aidhne mac Colmáin ríoghacht Chonnacht a ndiaidh bháis Eóghain Bél. Ag so mur a-deir ag labhairt ar Cheallach mac Eóghain Bél agus ar Ghuaire (agus a-tá a fhios agom gurab é as ughdar dó leis sin sgél beg brégach dá ngoirthar 'Oidhidh Ceallaigh mhic Eóghain Bél'):
‘Do ghabh Guaire mac Colmáin ceannas Connacht a ndiaidh Eóghain Bél, agus tarla an tráth sin an mac fá sine ag Eóghan Bél 'na dhalta ag Ciarán ar tí a bheith 'na [13] mhanach. Ceallach fá hainm dó. Agus brégthar le cairdibh Eóghain a coimhthionól Chiaráin é re ceannas feadhna do dhéanomh orra féin a n-aghaidh Guaire. Gidheadh ar ttoidheacht amach tug Ciarán a mhallacht dó agus iarras ar Dhia bás foiréigneach dá bhreith. Ar mbeith iomorro sealad mur sin do Cheallach do thuig gurab olc do-rinne míréir Chiaráin do dhéanomh, agus téid d'fhios an naoimh Ciaráin, agus ciontoighis é féin dó agus gealais go n-anfadh ar a thoil ar feadh a rée. Tug Ciarán beannocht dhó. Gidheadh


p.134

a-dubhairt gurab bás foiréigneach do-bhéradh é. Fanois Ceallach san ccoimhthinól ó shin amach go ndearnadh a ccionn aimsire 'na dhiaigh sin easbog dhe. Agus ar mbheith 'na easbog san tír dhó, do bhí ag dénomh rannta agus carad do dhearbhráthair dob óige iná é féin a ndóigh go roichfeadh leis ríoghacht Connacht do bhuain amach. Agus ar na chlos sin do Ghuaire ollmhoighthar leis triúr do mhuintir Cheallaigh féin gur marbhadh leó é; gonadh mur sin do fíoradh an tuar do-rinne Ciarán dó, mur a thairngir gurab bás foiréigneach do-ghébhadh Ceallach.’

86

Ní fhuilim ag cur 'na aghaidh nach mur sin do fuair Ceallach bás le daoinibh éigin oile, acht amháin nach raibhi cuid ag Guaire dhe, óir nír geineadh san saoghal é re linn Tuathail Mhaoilghairbh do bheith a bhfhlaithios Éireann, agá n-abrann seision gur re linn an Tuathail sin do básaigheadh é, ar an adhbhar, do réir an Leabhair Ghabhála, go raibhi dhá rígh dhég a bhflaithios Éireann diaidh a ndiaidh ó Thuathal Maolgharbh go Diarmaid Ruanaidh mac Aodha Sláine do ba rígh Éireann re linn Guaire; agus fós go raibhe ocht rígh ar Connacht ó Eóghan Bél fá hathair do Cheallach go Guaire Aidhne. Ag so bliadhna báis an tríar sin, .i. Tuathal, Diarmaid, agus Guaire, agus bliadhain bháis Eogha[i]n Bél, athair Cheallaigh:

Eóghan Bél do marbhadh i cCath Slighigh le Fearghas agus le Domhnall—9
Tuathal Maolgharbh do marbhadh an bhliaghain-si—538
Diarmoid mac Cearbhoill do marbadh an bhliadhain-si—558
Guaire Aidhne d'ég an bhliadhain-si—663.

87

Ag so mur a-deir Leabhar an Doctúra ag labhairt ar Fheidhlimidh mac Criomthoinn:

‘Tug an Feidhlimidh sin,' ar sé, 'meadharchuairt Leithe Chuinn agus Laighion, agus do íoc riu an cíos do dhlighiodar d'fhagháil ó ríoghraidh Chaisil [14] agus an biatachas do bhí d'fhiachaibh orra-san do thabhairt dó-san dá chionn agus an éirghe amach do bhí aige orra amhail chuirios Beinén naomhtha mac Seisgnéin príomhfháidh Éireann síos a Leabhar na cCeart san duain darab tosach "Dlighiodh gach rígh ó rígh Caisil, &c.". Ag so imorro cíos agus tuarasdal na ríogh sin ó rígh Caisil agus a chuairt agus a aimsir biata orra-san dá chionn, .i. céd cloidheamh, céd cornn, céd each, agus céd brat uadha do rígh Cruachain, agus biathadh dhá ráithe ó rígh Cruachain do rígh Caisil agus a dhol leis goa Tír Conaill; fithche fail nó fáinne, fithche fithchioll agus each do rígh Ceinél cConaill, agus biathadh míosa ó rígh Ceinél cConaill dhó agus a dhol leis a tTír


p.135

Eóghain; caoga corn agus caoga cloidheamh do rígh Oiligh, agus biathadh míosa ó rígh Oiligh agus a dhol leis go Tulaigh Óg; tríocha cornn agus tríocha cloidheamh do fhlaith Tulach Óg, agus biathadh dhá thráth dég uaidh do rígh Mhumhan agus a dhol leis a nOirghialla; ocht lúireacha, dá fhithchit ionar, agus trí fithchit each do rígh Oirghiall, agus a bhiathadh mí i nEamhain agus a dhol re rígh Mumhain a nUlltoibh ar Clanna Rudhraighe; céd cornn, céd matal, céd cloidhimh, céd each, agus deich longa do rígh Uladh, agus biathadh dá mhíos ó Chlanna Rudhraighe dhó-san agus dol dá choimhideacht go Teamhraigh; tríocha lúireach, tríocha fail, céd each, agus tríocha fithchioll do rígh Teamhrach, agus biathadh míosa i tTeamhraigh do rígh Mhumhan, agus ceithre fine na Teamhrach do dhol leis go hÁth Cliath; deich mná agus deich longa agus deich n-eich do rígh Átha Cliath, agus biathadh míosa ó rígh Átha Cliath dhó, agus a dhol leis a Laighnibh; tríocha bó, tríocha long, tríocha each, agus tríocha cumhal nó cailín do rígh Laighean, agus biathadh dá mhíosa a Laighnibh, .i. mí a n-uachtar Laighion agus mí a n-íochtar Laighion; tríocha each agus tríocha lúireach agus tríocha cloidhimh do fhlaith íochtar Laighion ó rígh Caisil. Meas, a léightheóir, nach meisi as ughdar ris an nídh si acht an naomh Binén a Leabhar na cCeart’.10

88

Measoim féin nach é, agus nach é Páttraig, ná Beinén, ná seanchaidh ar bioth dár chóir meas seanchaidh do thabhairt dhó, do chum é, agus gibé sruthaire ar lorg ealadhan nó dothuata do chum é ar tús agus do chuir i seilbh Beinéin é, ionnas go madh móide do creidfidhe gach nídh dár chuir ina dhuain bhréige uaidh, agus do ba mór an mímheas do dhuine naomhtha nó riaghalta a leithéid do nídh écceart éccosmhail do chur [15] 'na leith iná gan a chur; agus más Leabhar na cCeart ghoiris an Doctúir don leabhar ina bhfua[i]r é, as dísle Leabhar na nÉcceart do ghairm de iná Leabhar na cCeart. Agus dá dhearbhadh é, faicim cia hé an rígh do bhí i cCaisil riamh ria bPáttraig nó iar bPáttraig tug an mheadharchuairt a-deir le neart nó lér díoladh an connmheadh nó an chóisridheacht a-deir, nó tug uaidh gach tuarasdal dá luaidhionn d'uaislibh Éireann, nó11 do umhlaigh d'aonrígh dá raibhi i cCaisill riamh, acht amháin Brian Bóromha an dá bhliadhain dég áirmhighthar dó. Agus dá ndéantaoi gérchonntas leis nár umhlaighadar Uí Néill an Tuaisgirt, .i. Ceinél cConaill agus Eóghain, leath na haimsire sin féin dó, agus ní scríobhthar ar Bhrian féin go ttug a shamhail súd do chuairt timchill Éireann, dá dhearbhadh nach raibhe an ceart úd ag rígh Mhumhan nó Caisil ar Éirinn. Agus fós go háiridhe má do thionnsgoin Feidhlimidh mac Criomthoinn meadharchuairt na hÉireann do thabhairt, as goirid táinig tar tóroinn na Mumhan fá leithimiol na Midhe agus go Cluain Mhic Nóis gur creachadh cuid don Mhidhe agus Cluain Mhic Nóis leis, agus go ro eascaoin Cédadhach Comhorba Ciaráin é am chrodh


p.136

a chille go ro iarr ar Dhia gan neart Feidhlim[idh] do dhol ó Chluain soir go bráth. Agus do fhill Feidhlim[idh] tar a ais don Mhumhain, agus nír bho dhuine deaghshlán nó cianshaoghlach ó shin amach é go bhfuair bás amhail léighthar san Leabhar Oiris mur a-dubhairt ughdar áiridhe:
    1. Do gheall Cédadhach nach biadh
      neart Fhéilim ó Chluain a-niar,
      nach maith an fhiadhnoisi so
      le duain Giolla Mo-Dhudo.

89

Ag so mur a-deir a cCath Cluana Tarbh ag labhairt ar Mhaoilsheachlainn:

‘Féach, a léightheóir, bíodh gurab ar shluagh Bhriain do bhí Maolsheachloinn agus Fir Mhidhe ag teacht go láthair an chatha, máseadh do bhí do cheilg eidir é féin agus Lochlonnaigh nach ttáinig san ordughadh i measg sluaigh Bhriain acht as eadh do-rinne é féin agus a shluagh d'fhanmhoin do leataoibh an chatha amhail ro [16] ordaighsat Lochlannaigh dó.’

90

As mó as inchreidthe na leabhair oiris agus annála do scríobhadh leis an aois ealadhna diaidh a ndiaidh agus do bhí a n-orlamhos agus a ccoimhéd ag an eaglais ionnas nach ccuirfidhe brég ionnta iná stair Chatha Cluana Tarbh ó aonughdar amháin dá fheabhas gan breathnughadh nó breathamhnas an aois ealadhna nó na seanchaidh go coitchionn do bheith air; óir as amhlaidh a-deir an Leabhar Gabhála agus na leabhair airis gurab é Maolsheachloinn gona mhuintir do chothaigh an cath tar éis marbhtha Briain agus Murchaidh agus uaisleadh Dál cCais d'urmhór gur bhrissiot ar Lochlannaibh agus ar Laighnibh go raibhe marbhadh agus mudhughadh aca orra ó Chluain Tarbh go hÁth Cliath. Measoim fós nach raibhi cairdeas nó caradradh nó síothcháin eidir Mhaoilsheachloinn agus Lochlonnaibh acht uiread le Brian, amhail as follas is na cathaibh do chuir orra. As cosmhail fós mua bheith fonn air cuidiughadh le Brian agus leis an ríoghacht, nach rachadh ann acht uiread le Ceinél cConaill nó Eóghain.