Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 245

245

Ulaidh, canus rohainmniged? Ni ansa. Ulaid .i. oll saith .i. saith oll duratsat duna filedaib saith .i. innmhus, & deismirecht air amail asbeir in Amhra:

  1. 1] Cétaín luidh Íudás tar ord
    2] a lorg Deamhna, díghal garg,
    3] Cétaín roghabh saint im saith,
    4] Cétain dóbhraith Isu ard.

No Ulaid .i. oll leath [Erenn] léo im chogadh & im irghail. No Ulaid .i. oll leith .i. ulchadha liatha léo h-i cath Áenaigh


p.388

Mhacha .i. olann líath dochengladar día smechaibh isin cath cétna .i. uilliu leíth léo isin cath.

Conchubar mac Fachtna Fáthaig & a bhráithri, is síat tug cath Áenaig Macha do Dhabhall Díanbuilleach mac airdríg Lochlann. Ba díairim, tráth, in slógh robhoí maille ré mac rígh Lochland intan sin ar techt do ghabail Eirenn i cóigedh Ulad. Is ann gabhsat artús & luidhsit rempu íarsin co Magh Macha.

Rothinóilsit clanna Rúdhraige im Chonchubar anaghidh nan allmurach do thabairt chatha dóibh. ISbert Geanann Grúadhsolus mac Cathbhaidh fría mhuinntir intansin: ‘Is terc bur slúaigh, a Ulltu!’ ol sé, ‘ocus is óg amhulchach cach áen agaibh’. ‘Cidh doghénam-ní de sin, a Ghenainn?’ or cách. ‘Dénaid, a ógu’,ol Genond. ‘Tabhraid imat d'olainn leith libh & crúadh-cenglaidh an olann dábar n-aigthibh, & bídh moaide graín & egla na n-allmurach remaibh innísin amail bá rígh-laich sibh.’ Dorinnedar Ulaid in chomhairle sin Gheanainn cach aen ba h-amhulchach acu. Tugad in cath iar sin & do mhuidh for na h-allmurchaibh, & doládh a n-ár ann, conid ón chath sin Aenaigh Macha{folio 591a} adúbhrad Ulaid fríu ón mhudh sin, amail asrubart in fili:

  1. 1] Clanda Fachtna nisfil faill
    2] fri cach fachta catha cuill,
    3] ainmnighter dib atan tall
    4] Ulaid óbdar oll leith uill.

Ulaid ó Ollamh Fódla mac Fiachach Fínsgothaigh .i. Ulaid .i. oll lethadh Ollamhan .i. is mór rolethnaigsit & rotsilsit Ulaid ó Ollamh Fódla. Nó Ulaid .i. oll aí ollam in alio loco dicitur. Ar bát fili amhra eisseín, & is aire isberar Ollam Fódla fris, & is uadh isberar Ulaid íar fír,& deismirecht air:

  1. 1] Ollam Fódla fegaid graidh
    2] uadh rohainmnighthea Ulaid,
    3] íar fír feis Teamhrach na treabh
    4] is lais taisech rotoirnedh.


p.390