Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 169

169

Deíssi .i. difoissi, ar ní bhói airissem forro fria ré chíana acht a m-beith for faeindel as cach inadh i n-arailiu. Nó Deíssi .i. duáisi, ar is a tinnscra mhná tucad dóib ferann iar techt de Mhuigh Breg .i. a tinnscra Eithne Uathaighe inghine Crimhthain, maic Énna Cheinnselaig, [ba dalta doib], ar is íat na Deísi ros-ail Eithne Uathaigh. {folio 584a} Aengus mac Nadfráich rígh Muman, is é tuc dóibh in ferann forsa táit na Deísi indíu a tinnscra Eithne Uathaige.