Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 70

70

Cóig meic Dhaíre Doimthigh .i. na cóig Lugdaig, cidh día táit na tuillti anmann-sa forra .i. Lugaid Láighe a


p.318

a quo Corca Láighe, Lugaid Cal, día taít Callraige, Lugaid Corc día taít Corcraidhe, Lugaid Corb dia táit Dáil Mhes Corb Laighen, Lugaid Cosc, día taít Cosgraidhe na n-Déisi.

IS aire tug DaíreLugaid’ for cach mac dia maccaibh, ar robhoí h-i tairngaire dó go n-gebad mac día macaibh ríghi n-Erenn & bát ‘Lugaid’ a ainm. IS ann isbert Daíre fria dhruí: ‘Cia mac dom maccaibh gebhus ríghi darm eís?’ Isbert in druí: ‘Tiucfa lóegh co néimh órdai fair isin aenach’, or in drái, ‘& in macc díbh ghebhus in laegh is é ghebis in righi dit éis’.

Doroich in lóegh iársin isin ae[n]ach & lodar fir Erenn ina dhiaidh & maccní Dháire, go rangadur Beinn Étair. Atnagar céo druídhechta etarru & fir Erenn. Lodar meicc Dhaíre a n-díaidh in láigh óthá sin co Daíl Mos Corb Laighin, & tárthis Lugaid Láighi in laegh, & coscrais Lugaid Cosc, conid [d]é rolil Lugaid Cosc é. Dogní Lugaid Láeghfes a ímmaine .i. feis doib dhe, conad[d]e rodeat Lugaid Laighfes dé.

Teít Lugaid Orcde for cenn uisci & cilarn lais, conad[d]e raidhter Lugaid Orcc de{folio 572b}.

Cach ní no fuinte de no ithid Lugaid Laighi. Cach fuighell dochuiredh uáidh nóchaithedh Lugaid Corb, conid de rolil Corb de .i. coirbthi de.

Codlais Lugaid Cál, conid de roghabh ainmniugud.

Gnít sealga iarsin isin dithreibh. Ferais snechta mór dóibh, gur'bh'obair doibh a n-airm do chongbáil. Tét nech dibh d'iarraid thighi, & fogeibh tech n-amhra & tene mhór ann & linn & imat m-bídh & miassa airgdidi, & tolc finnruine. Fogabhait forais sentuinne moíre istigh, & etnech impi, & a curach fiacal fría


p.320

cenn anechtair, & senbriscai salcai móra impi. Isbert sí frisin macc .i. fri Lugaid Corb: ‘Cidh connaighi?’ or sí. ‘Iarthuim

Here rth is written for rr

lepaidh’, for eissium. ‘Dia tís im chomhlepaid-si, for sí, rot-fíadh’. ‘Nathó’, or in macc. Luidh có a bhraithribh & isbert na fuáir tech. Luidh cách díbh a n-díaidh a chéli isin tech & rob edh in cetna uadhaibh. Luidh Lugaid Láighi fódheoidh. ISbert in chaillech in cétnai frís. ‘Oentudaid [fi]fet-sa frit’, or Lugaid. Luidh in chaillech isin tolc. & luidh Lugaid ina díh. INdar-lais bá grían ag turgbháil a mís Mhái soillsi a gnúisi. Fúan corcra corthorach, folt dath-alainn impi. Ba samhaltá fri lugbort cumra a boladh. Teít ina gnaís iarum. ‘Maith do thurus’, or sí. ‘Missi in flaithius, & gébhthar rige n-Erenn úait’.

Luidh Lugaid co[a] bhraithribh, & dobeir gusin tech lais íat, & fogabait nua bídh & sen leanna inn, & cuirn ina n-áenar ic dáil dóibh.

ISbert sí fri fer díbh: ‘Cidh dorala dhuit?’ or sí. ‘Dorala laegh dam’, or sé, ‘& don-úadhus m'oenur é’. ‘Bid Lugaid Laighé th'ainm cot chinél’, for sí.

Roíarfacht{folio 573a} didiu diaraile cidh dorala dó. ‘Orcc allaith’,forsé, ‘& don-uadhus mh'oenur’. ‘Bid Lugaid Orccdhai th'ainm cot cinel’, or sí.

Rofíarfacht dano d'fir aile in cétna. ‘Ni tharla ní damh itir’, or sé, ‘acht codlud doronus.’ ‘Is cáldai sin’, or sí, ‘bid Lughaidh Cál th'ainm dé sin.’

Rofiarfacht d'fir aile in cétna. ‘In ro laídhsit na fir aili uadhaibh’, orsé, ‘issed rochaithius’. ‘Bid Lugaid Corb t'ainm’, ol sí, ‘ar is coirpthi an ro chaithis’. Is úadh Corbraidhe.


p.322

70

Rofíarfacht d'fir aile béous an cétnai. ‘Atrulla lóeg allaid damh’, or sé. ‘Bidh Lugaid Loegh Fes’ .i. loegh fás, ‘th'ainm’, or sí.

Conid [d]é sin rolean na tuillti anmann dona Lughadhaibh.

‘Foíedh nech úaibh lium-sa anocht’, or sí.

‘Fífit-sa lat’, or Lugaid Láighi, ‘ar is damh rorath’.

Fuidhis Lugaid Láighe lé in aidchi sin fría si. Is and conacus dóibh, fúan corcra darsin mnái & dar Lugaid, & mong órbhuidhe fuirri, & is í bá caimiu do mhnáibh.

Cuich thú, a ingen?’ ol síat.

‘Missi banflaith h-Erenn’, or sí, ‘& bám udmhall o dhinn do dhinn, & gébhthair ríghi n-Erenn úaitsi, a Lugaid Láighi’, or sí.

IS amhlaid robhadar meic Dhaíre arnabharach, for maigh réidh gin tech, & a coin a tuil a leanmhain día sleghaibh. Lodar iarum co h-áenach Taillten, & innisit a sgéla & a n-echtra d'feraibh Erenn intan sin. Sgailit fir Erenn iarsin assin aénach.

Aplaid Dáire iartain, & gabhais Cond Cétchathach ríghe n-Erenn, & gabhais Eogan Táidhlech righi Muman, & gabhais Lugaid Láighi{folio 573b} ríghdhamhnacht Muman, &rl.