Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 55

55

Fiachu Fer Mara, cídh día tá? Ni ansa. Aengus Tuirmech dorighne in Fiacha sin réna ingin tré mheisci íar n-ól fína co mór dó. Bá h-annsamh la h-Aenghus inní sin .i. á ingen feisin do breith mic dó. Is í comairlé dorighne intí Aenghus, in mac do chleth co maith ardaigh ná budh mac dó, & dorighnedh amlaid. Dolád in mac beg íarsin a náe aenseichedh for muir {folio 571a} co slonduth meic rí[g] laís .i. brat corcra co cúach oír ann. Fúaradur iascairidha rí[g] Alban íarsin é i Traigh Bhráena fona fiachaibh, conid [d]esin rodn-giúil Fiacha Fear Mara dé iarsín. Ocus roghabhsat a chlann righi n-Erenn & Alban día eís feisin .i. Etersgel Mór mac úi Iaír & Conaire mac Etersceoil & Conaire mac Mogha Lámha cliamhain Cuinn, & rl.