Corpus of Electronic Texts Edition
Apraid a éolchu Elga (Author: Eochaid Eolach ua Céirín)
Duan in chethrachat cest in so, do-rigni Eochaid ua Cérín
- Apraid a éolchu Elga
a slúaig Fótla fírergna.
in-fetabair thiar no thair.
ainm mná Féniusa Fárrsaid?
Bélait ingen Laitin máthair Níuil meic Féniusa. Gae greíne rus-marb.
- Cía fer ro-marb Iár na n-each.
cia h-airmm 'sa-fríth a airlech
(ni) bás ro-fuc cíar-gegain.
int éoluch co n- ilbérlaib
.i. Féinius féin ro-marb Iar mac Néma do leccain chámaill íar n-dula do Iar co Bélait & marb Bélait do grád & ro-adhnocht h-i Carnn Bélaite.
- Cía h-aiged rucc Feínius feín.
i focus i n-etercheín?
c' áitt ro-adnacht in suí sean.
Iar macc Nému na nainteam?
.i. marb Féinius dana íar .u. láib do digh dermuit coro-adnacht h-i tuaiscirt Maigi Senair .i. in Eipithena ciuitate ro-adnocht Iar & nir-léc Féinius a adhnocul feín & Iar maróen i n-óencathair.
- Is cuich in triar tairptech teann.
ro-buí d' eísi na díleann.
co-failet a beinn i m-beinn.
as cach dithrib i nh-Érinn?
.i. tri bráthri do Chessair táncatar h-Érinn áenagaig ría n-dílinn & niro-acaillsit itir Cessair. Luám & Medar & Mel a n-anmann, i n-delbuib eón ro-bátar & i m-Beinn Bairche ro-bátar.
- Cid thuc Partholón ó thír.
cid ara-nderna mórgním?
Cía lín ro-buí a glinn i n-glinn.
cid arro-díth a n-Érinn?
.i. Parttolón ro-marb a athair & a máthair ac íarair ríghe dia bráthair (conid aire at-berar Parrtolón mac Sera friss .i. mac fingalach. cera .i. fingal), co-tánicc co h-Érinn ar teched a finghaile, conid íarum luid taimlechta ina fingail .i. .ix. m. do éc fri oínsechtmain díb.
- Cía ro-buí for Temraig.
diar-fear snechta airdergnaid?
In rann ro-buí a Temraig de.
ba h-argat fíal findruine.
.i. h-i sechtmad blíadain flatha Éna Aircthig ro-fer froiss airget h-i Temruig & fross fína for h-Érinn uile.
- Coich in maccóem co mét n-glonn.
ránic Eamuin cin imroll.
ro-marb deich cét monar n-glé.
dia muinntir i n-oénaidque?
.i. Aengus dana mac In Dágda is é ránicc Emuin ar bréthir Concobair dia-n-epert: for-ossna Cú Chulainn cach óen. & ro-marb
p.132
Oengus .x.c. isin Cráebrúaid & ro-chuimrig Coin Culainn & do-fuc Conall & Celtchair & Conchobor h-i suán.
- Cía dalta dia daltaib thair.
ro-sáraigustar Etain?
ocus abair rimm co glicc.
cade ainm athur Seinbicc?
.i. Abcán ua h-Ebricc in file is é ro-sáruigh Etan ingean Dián Cécht at brú Boínne gu rus-toirrchiustur, co-toracht Oengus iar sain gurro-marb Abcán. Conid íarum ruc Etan Senbec & Oengus ro-n-alt Senbeciar sin.
- Anmonn na trí son n-doilbthe.
na-fácbaid co anforbthi.
.i. Gó dana & anfír & ainfiss a n-anmonn na sonndoilbthe.
cid fod-era sund co se
soillse 'sin chrunn is brénche?.i. diaro-eírig Críst asa adnocul is ed ro-chét saltair for crann crín, ut est tene sinnuig.
- Cía do-rigni gart ar tús.
in-fetabair a imthús?
.i. Seth mac Ádaim do-rat fleid dia bráthrib h-i Sléib Taboir & tuc crod da cach bráthair díb, co-farcaibsit bennachtain oca
searb ocus milis molle.
cid dos-fucc i nd-oénoidque
.i. Míchél at-bert fri Ádam: bennach lat na torthi, ar dot-roa demon aslaigh iterum dot malairt im no toirthi. Cach ní no-bennach Ádam is miliss, cach ní tárill demon is serb.
- Cía do rígraidib Fer m-Bolc.
ro-gab Érinn cíarb anord
i m-Maigh Tured trúagh in dáil.
tuc cath do Túaith Dé dámaigh.
.i. Tríath mac Amuir in rí deídenoch do Feruib Bolg in nómad rí díb. Ocus is h-é tuc cath Maighe Turead do Thúathaib Dé Danonn.
- Cadead anmunn na sé m-ban.
& anmunn a n-athar.
tucsat léo Meic Míled muáid.
o Thúaith Dé Danann drechruáid?
.i. Lían & Liphi & Lemain tri h-ingena Midir. Aillenn & Cuilleann & Cairchi .iii. ingena Goibnenn.
- Ocus anmunn na fear trá.
cusa-ndeachatar na mná.
a aés dána na n-dúan dil.
éistigh uán ocus apraidh.
.i. Lían co Cuáilgne, Lifi co Fúat, Lemain co Murthemni, Aillenn co Lugaidh, Cuillenn co Surghe, Cairche ra Sobairche.
- Cía rí díb déighenach dián.
ro-gab for gasrad Gaílían?
ocus apraid rimm cen ail.
cía ainm boí forsin rígh-sain?
p.133
.i. tri rí déc díb ó Thúathaib Dé Danann for h-Érinn co-táncatar Meic Miled .i. Gola ó-sluinnter Slíab n-Gola h-i Ciaraighe is é ba rí déigenach díb.
- Ocus ainm mná Ébir aird.
ni-fetatar na doérbaird.
ainm a máthar cemafath.
ocus ainm a degathar.
.i. Adair dana ingen In Dagda móir is í ro-faei la h-Éber .i. in Mórrigan dana ainm a m-máthar Adairi mná Ébir.
- Caide a n-díl ó sin alle.
Túaithe Dé na trommdaíne.
innisid abus is tair.
caide a n-ord ocus apraidh.Apraid a eol-.