Corpus of Electronic Texts Edition
Éagnach (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird (?))

p.124

  1. 1] Th'aire, a chumthaigh, réd chomhádh!
    2] meinic adhnas iomarbhágh,
    3] a ghruadh gairthe o ghéagmhoigh Breagh,
    4] d'aithle an éagnoigh ós ísiol.

  2. p.125

  3. 5] Ar omhan fhiallaigh na mbréag,
    6] ní hinnill caint gan choimhéd;
    7] iongaibh throim—ní doiligh dhuibh;
    8] poill ar na toighibh teagmhuidh.
  4. 9] Adeir a lán gur luaidh sibh
    10] —nior shaoil misi, a mhic Fíthil,
    11] t'fhíoch riomsa; gá duilghe dál—
    12] fuighle dob ionnsa d'iomrádh.
  5. 13] Do-chuala trá nach tugh sibh
    14] ameasg thuatadh uair éigin
    15] —bheas as deaghfhachain dar ndoirr —
    16] meas re healathain oroinn.
  6. 17] Táirnig do chéill— gá dám dhi—
    18] má tharla, a athuir na heigsi,

    P. Ó Macháin criticises this emendation as unmetrical and gratuitous and corrects to ‘má tharla a thuir na héigsi'’ in Celtica 24, 259.


    19] dál mar sin nár dhlighis duid
    20] no ro ibhis digh ndhearmuid.
  7. 21] Acht uathadh dar n-oidibh fein,
    22] d'eisibh Bhanbha an bhruaigh sholéir,
    23] fa chlár nua caomhmuighe Cuinn,
    24] ní rua d'aonduine ar na n-orruim.
  8. 25] Tarla o oidibh Innsi hAirt
    26] cruaidh im cheird fuair a faghairt
    27] o nach maol biorchruaidh im beol,
    28] ná friothbhuail aon dom aithcheodh.
  9. 29] Do shnaoi sinn —ga saoire sriobh—
    30] linnte foruis na bhfiliodh
    31] or gcéidfhios gur b'omhain ionn
    32] le sgolaibh eigios Éirionn.

  10. p.126

  11. 33] Lucht énbhoithe sinn re seal;
    34] ná tréig choidhche, a chruth áilghean,
    35] t'fhear grádha mar nach dú dhaoibh:
    36] cara ná tú dom thathaoir.
  12. 37] Slán don droing nach diongnadh sin,
    38] roighne na sudh, dar séisibh:
    39] blagh dá gcéadraith re seal soin
    40] fear dá n-égnach bach aghthair.
  13. Th'aire