Corpus of Electronic Texts Edition
Créd fá seachnaim síol Aodha? (Author: Domhnall Ó Maoilchonaire)
p.24
- Créd fá seachnaim síol Aodha?
síol frisarbh f[h]err iontaobha
siol fíneamhna is trom tora[i]dh
ríghealbha a fonn f(h)ionnAdhair.
- Síol sin is uaisle ná an t-ór
síol Aodha is truime tionól
siol na ríogh ó Cheann Choradh
síol na cceall do chothúghadh.
- Filleadh orra ní leasg leam
d'éis mo chuarta air f[h]edh Éireann
cóir toighiocht 'na ccoinne céim
ó oighreacht chloinne Choiléin.
- A ndearmad ní dhlíghim féin
do-gheibhim ó chloinn Choiléin
a n-ám cómhóla is caithmhe
barr onóra is órduighthe.
- A-tá m'fherann fós fúthaibh
mé aca ní handúth(ch)aigh
seanadhba(dh) nách cóir do choill
róimh na healadhna an Árdchoill.
- Don Mhumhain [do] ghabh[s]a(i)d greim
deighshliocht Luighdhioch Menn mhéirsheing
ar ccur cúil ré mín Mumhan
do thnúth ré tír Tuadhmhumhan.
- Leo Port Láirge is Luimneach Luirc
is Caisiol na ccraobh n-orrdairc
sealbh an fhuinn ag clannaibh Cais
a-nallainn do dhruim dúthchais.
- Fá leó múr Cliach is Cláire
is Dún Eochair fhionnMháighe
fa fonn mhín im linn Luimnigh
gur fhill don tír Tuaidhmhuimhnigh.
- Ceithre mic maithe ag Mac Con
Síoda Cam, Séa[a]n séaghmhar,
Cú (í) Mheadha, Donnchadh dealbhdha
torcha(i)r feadha fíneamhna.
- Sliocht Shíoda Chaim ón Ros Ruaidh
sliocht airir la mná is marcshluagh
laoich neamhchumhga ar tháille in tuir
c(h)eathramhna áille in Iobhair.
- Sliocht Cho(i)n Méadha mór a mbrígh
ríoghraidh réidh Rátha Laithín
is laochradh bhenn Bhaile an tSléibhe
dream gan aire air aimhréidhe.
- Sliocht Donnchaidh an ghu(i)rm(á)gha ghéir
laochraidh Bhéil Átha hOighnéin
ní clú a n-aisgidh fuair soin
buaidh ngaisgidh ar in laochraidh.
p.25
- Sliocht tSeaáin mhóir mhic Mic Con
san lorg díreach linn leantur
coil chnuasaigh gan chéim ccoire
suas san réim ríoghraidhe.
- Tús is deireadh a n-am áigh
a-tá ag síol Aodha d'urláimh
caor shluagh budh buaine brígh
is guaille eoil gach áirdrigh.
- Cas mac Conaill na ccolg síth
do-níd[h] fál do chloinn Chaisín
beag 'gá ttéid im chlaon aicme
dá ghéig chumhra chlannmhaicne.
- Fine Bhloid go teacht dá ttír
athair Bhloid chródha is Chaisín
bheith fá ccoim dóibh is daingne
slógh nár choill a ccómhairge.
- Beith riú go héadmar ní háil
sliocht Bhloid is seintsliocht tSeaáin
do-dhén féin d'uaim ré ar-oile
dá dhuain don réim ríoghraighe.
- Mac Con Mara nár mhuigh mhionn
a shlán fá uaislibh Éirionn
aonúmhla d'aon acht d'úa Bhriain
ríogha is flaitheamhla a finnChlia[i]ch.
- D'éis buadha do bhreith a ttroid
a mbreith féin is ann iarraid
go ttriallaid a cceann chosgair
ní iarraid teann tuarusdail.
- An ghasradh ghreadach ghrádhach
chupach chórnach chupánach
tromdhámhach torthach [leg. tairtheach?] as-tigh
cómhdhalach caithfeach coibhsigh.
- Tiaghaid uime a-niar 's a-noir
síol Aodha an aigne uasail
fiú an fhocail d'iomrádh ní háil
acht binnghlór socair Sheaáin.
- Críoch iona lia mil is meas
críoch ionar mó gach maitheas
críoch (io)'nar lia do bhuaibh bleachta
is (io)'na lia cruacha [leg. cruaigh?] cruithneachta.
- Críoch easach innseach [fh]éarach
críoch chruithgheal chaomh chaisleánach
críoch shéadach fholtach fhuilteach
torthach trédach thiodhlaictheach.
- Ó Thadhg mhac Mic Con na ccreach
sliocht mhic Taidhg na ttres neimhneach
sluagh trealmhach bruthmhar buadhach
cruthghlan mheanmnach mharshluaghach.
p.26
- Fríth lé sliocht Flannchadha finn
meic Néill meic Aodha d'uirrim
lucht deaghgharma nách gann geall
barr ealadhna na hÉireann.
- Ag sin síol an tora[i]dh thruim
deighshíol Donchadha meic Domhnaill
síol lámhghlan nách síol singil
síol ádhbhor an oirchinnigh.
- Ceithre tréithe thuilleas ann
gaisge is fírinne is fulang
gan díth féile ar fhlaith Leamhna
maith na tréithe tí(a)ghearna.
- Ó Rinn Eanach na n-eathar
críoch chómhfhada chóimhleathan
gus an ccaladh fá Chluain Ruis
nár hanadh uaibh 'na n-éagmais.
- Ó Luchad na learg ndomhain
ceart búr ccríche an ccualamhair
bhúr ttarrang1 ar ttriall uime
go sliabh álainn Fhéilime.