Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 78

  1. 1] Osgail romham, a Pheadair,
    ós díot dleaghair a dhéanamh;
    isteach nó go dtí an chalann,
    léig an t-anam 'na éanar.

  2. 5]
  3. Dá bhféadainn dol don tigh-sin,
    léig an tslighe dom chomas;
    atáid anois re tamall.
    triar dom tharrang ón doras.
  4. Is don triar-san an diabhal,
    10] agus miana na colla,
    is an saoghal dár lingeadh;
    a Dhé, go gcinnear orra!
  5. Ón triúr atá dom fheitheamh
    ní leam teitheamh ná foras;
    15] ní husa d'fhior gan éideadh
    dul ar éigean san doras.
  6. Osgail, a Mhuire Mháthar,
    freagair láthar mo chosgair;
    dá raibh Peadar go feochair,
    20] gabh an eochair is osgail!

  7. p.191