Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 75
- 1] Triúr atá ag brath ar mo bhás,
gé atáid do ghnáth im bhun
truagh gan a gcrochadh le crann!
an diabhal, 's an chlann, 's an chnumh.
5]
- Ní thiobhradh aoinneach don triúr
don dís eile, giodh iúl claon,
an chuid do roichfeadh 'na ghéig
dhóibh ar a gcuid féin ar-aon.
- An diabhal is dordha dáil,
10] an fear leis nách áil acht olc,
ar an anam soilbhir séimh
ní gheabhadh sé an spréidh 's an corp.
- Do b'fhearr le mo chloinn mo spréidh
do bheith aca féin a-nocht,
15] dhamhsa giodh fogas a ngaol
ná mh'anam ar-aon 's mo chorp.
p.187
- Na cnumha, giodh amhgar súd,
dá gcurthaoi mo chúl san gcré,
do b'fhearr leó aca mo chorp
20] ná mh'anam bocht is mo spréidh.
- A Chríost do crochadh le crann
's do gonadh le Dall gan iúl,
ó 'táid ag brath ar mo shlad,
is truagh gan gad ar an triúr.