Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 74
- An seisear,
1] triúr i dtigim (?) ar deiseal;
triúr frithir fallsa focham,
agus triúr coirpsheang cneisgheal.
5]
- An Deacair,
is ise an bhean rom-thachair;
taibhseach sliocht a dhá géagbhonn,
ní héadrom mar a saltair.
- An tSuirghe,
10] macámh meallta gach buidhne;
gér bh'annsa í ná an t-anam,
agam ní bhfuil a cuimhne.
- An Réidhe,
mo-chean neach dárab céile;
15] dhi riamh ní dheachaidh rogha;
fearr ná gach togha spréidhe.
- An Éigean,
púdarlach ó ló an chéidfhir;
treise náid mná na cruinne;
20] smacht uirre nochan éidir.
p.186
- An Mheanma,
ríoghan is bhuilidh breaghdha;
gidh ionmhain an bhean bhunaidh,
dhamh ó 'nuraidh ní tharla.
25]
- An Chumha,
uimpe bhíd na bruit dhubha;
ní mo-chean bean a léara;
ní hiad a sgéala is lugha.