Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 71

Oisín cct.

  1. 1] Is fada anocht i nOil Finn,
    fada linn an oidhche a-réir;
    an lá i-niu gidh fada dhamh,
    do ba leór fad an laoi i-né.

  2. 5]
  3. Fada liom gach lá dá dtig;
    ní mar sin ba cleachtadh dhún;
    mo bheith i n-éagmhais na bhFian,
    do chuir sin mo chiall ar gcúl.
  4. Gan aonach, gan cheól, gan chruit,
    10] gan bronnadh cruidh, gan gníomh greagh,
    gan díol ollamhan ar ór,
    gan ealadhain, gan ól fleadh.
  5. Gan bheith ag suirghe ná ag seilg—
    an dá cheird le a raibh ar súil—
    15] gan deabhaidh, gan déanamh creach,
    gan bheith ag foghlaim chleas lúith.
  6. Gan earradh gaisgidh do ghnáth,
    gan imirt mar badh ál linn
    gan snámh re laochraidh ar loch,—
    20] is fada a-nocht i nOil Finn.

  7. p.183

  8. Fada ar saoghal d'éis na bhFian;
    ní cneasta ná badh cian linn;
    fá hiad an laochradh gan locht;
    is fada a-nocht i nOil Finn.

  9. 25]
  10. Is don tsaoghal mar tá mé;
    is truagh, a Dhé! mar tá sinn,
    im aonar ag tarraing chloch;
    is fada a-nocht i nOil Finn.
  11. Sir, a Phádraig, dhúinn ar Dhia
    30] fios an ionaidh a mbia sinn,
    nó an saorfa m'anam ar olc;
    is fada a-nocht i nOil Finn!