Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 70
- 1] Bí fúm, bí, a Mhic, ar mo mhuin;
bí, a Dhúileamhain, im dheaghaidh;
bí romham, a Rí neamhdha;
bí toram, a Thighearna.
5]
- Toirinn im béal, bí im theangaidh;
gabh chugam im chuisleannaibh;
ling im chluasaibh 's im chridhe,
a Fhinn uasail ainglidhe.
- Gion gur cubhaidh, a Rí, ruibh
10] bheith 'na ionamhail d'adhbhaidh,
a Chnú chroidhe mo chroidhe,
gan Tú im chroidhe i gcomhnaidhe!
- Braon dod rabharta ratha
fhóireas, a Dhé, ar ndeacracha,
15] go gcuire im chroidhe ar gach cor,
im loighe, im shuidhe, im sheasamh.
- An braon-soin, a Mhic Muire,
ar siobhal ná ar sádhaile,
ná deach uam go madh cré ar gcorp,
20] im shuan, a Dhé, ná im dhúsacht.
p.182