Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 69

Cathal Croibhdhearg agus Muireadhach Albanach mar aon, iar ndul sna bráithribh dóibh, cc.

  1. 1] 'A Mhuireadhaigh, meil do sgín
    go mbearram inn don airdRígh;
    tabhram go milis ar móid
    's ar dhá dtrilis don Tríonnóid.'

  2. p.180


    5]
  3. Bearrfa mise do Mhuire
    (an bhreath-sa is breath orchraidhe);
    do Mhuire bearr an barr-sa,
    a dhuine seang súlmhall-sa.
  4. Annamh leat, a leaca ghlan,
    10] sgian tar do bharr dod bhearradh;
    fá mionca ríoghan bhinn bhog
    ag cíoradh a cinn chugad.
  5. Gach re n-uair do fhoilcthí dhúinn
    is d'Ó Bhriain an bhairr chladhúir,
    15] is do fhoilcinn uair oile
    re stuaigh bhfoiltfhinn Bhóraimhe.
  6. Do-nínn comhshnámh is ua Chais
    ar linntibh fuara Forghais;
    ar dteacht i dtír lais ón linn
    20] do-nínn is ua Chais coimhling.
  7. 'An dá sgín-se leath ar leath
    do rad dúinn Donnchadh Cairbreach,
    níor bh'fhearr dá sgín do sgeanaibh;
    bearr go mín, a Mhuireadhaigh.'

  8. 25]
  9. 'Meil do chloidheamh, a Chathail
    chosnas Banbha mbraonsgathaigh;
    ní chuala gan fhachain t'fheirg,
    a Chathail chuanna Chroibhdheirg.
  10. 'Díon ar fhuacht 's ar ainteas inn,
    30] a inghean uasal Iaichim;
    déana ar gcoimhéad san tír the,
    a roighéag mhín, a Mhuire.'

  11. p.181