Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 68
- 1] A fhir na heagna d'iarraidh,
bheith ria is obair éigciallaidh
gan grádh is eagla an Athar,
madh ál t'eagna d'ullmhachadh.
p.179
5]
- Díomhaoin do dhuine ar domhan
bheith ag iarraidh ealadhan,
ná a mheas go bhfuighe sé sin
gan guidhe nDé do dhéinimh.
- Ceard gach suadh is é do-ní
10] Mac Dé Athar, an t-airdRí;
fá luach na ceirde is é is fhearr;
ní feirrde an té nách tuigeann.
- Dá bhfaghadh duine ar a dhán
an mhéid iarras go hiomlán,
15] ní bhiadh sé ar bhail do bhunadh
gan tail nDé dá dheónaghadh.
- D'éis a dhéanta 's a dhíola,
re Dia ar ndéanamh eisíodha
bhar bhfreagra do-bhir gan bhail,
20] a fhir na heagna d'iarraidh.