Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 67
Maolmhuire Ó Huiginn.
- 1] A fhir threabhas an dtulaigh,
smuainidh féin an bhfeadabhair
an tú bhias ag buain a bhairr
i n-uair a dhias do dhíoghlaim?
5]
- Dá dteagmhadh duit, a dhuine,
go dtóigéabhthá an treabhaire,
ré a caithmhe féag an bhfuighthe
ón éag d'aithle a hullmhaighthe.
- Dá bhfuirgheadh Dia do dhealbh neamh
10] tú ris an gcuid do chaitheamh,
nach léir duid d'aithle th'amhairc
an chuid chaithmhe i gcontabhairt?