Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 66
Muiris (mac Dáiví Dhuibh) Mac Gearailt.
- 1] Mallacht ort, a bháis bhrónaig!
a ladrainn leóinte gach iathe;
chúig mhíle is seacht do chéadaibh
ataoi dár n-éirleach do bhlianaibh.
5]
- Olc h'éirim i dtúis h'aoise,
tosach an fhill ar Ábel;
an mac do b'fhearr do ghoinis,
an mac ba dona d'fhágbhais.
- Mar sin duit ris gach líne,
10] dá ndíochur is dá léirsgrios;
don olc is sia do cháirde
ná don té do chráifeadh céadta.
p.176
- Mallacht duit agus míle,
a chú na sgríbe gan féachain
15] do neach dá fheabhas fuadar
seoch an fuaicle nó an sméirle.
- Cosmhail le beithir nimhnig,
le gríbh thú, nó le faolchuin;
is tú mille gach críche
20] a bhíobha an chine dhaonna.
- Cosmhail tú le fear speile
nách teibean ó gach feóithne,
gan trua gan taise d'éinneach
seoch a chéile dá n-óirleach.
25]
- Tú an reithe do chonnairc Dónall
ag côrac ris gach nduine,
ag beartú a adharc go gcráifeadh
cheithre háirde na cruinne.
- Cosmhail tú le fear ósta
30] 'gá mbí deóra fá chathis;
ar n-imeacht adeir, dá lámhú:
'Tabhair sású 'nar ghlacais!'
- Aonmhac do bhreith ón athir
cuid dod chleasaibh, a mhéirlig;
35] mac ná iníon don mháthir,
a chneámhaire, níor caomhnais.
- Olc do chumann, a chladhaire;
do dheadhlais mé lem aonmhac;
beag mo ghreann 'na dheóig sin
40] i ngleann na ndeór im aonar.
p.177
- Is damhsa ba chóir tosach,
is mé fann folamh ar fiara,
's an té do bfhearra d'fhágbháil,
níor bh'é an beagán do riaradh.
45]
- Mallacht ort agus fiche
dam nár chuimirc an séaghann
do b'fhearr i dtig 's i dtáirne,
's nár chuir cáirde ar an bhféile.
- Is trua nách mise rugais,
50] is gan mé d'fhulang 'om piana;
ní beó dham, bíodh nách éagaim,
gan ró céille 'na dhiaig sin.
- Mo shlán feasta fád dhícheal,
cé táim i n-íochtar agat;
55] cé ráinig leat mo dhíobháil,
ní thig leat m'aonghrá d'aiseag.
- Mallacht don bhás mar iarsma
nách Dia chruthig ná d'órdaig,
ach smáilc sean agus sinsear
60] atá gach aimsir dár n-óirleach.
- Minic dochum a bhuailte
théid duine do bhuain slaite;
mathim é muna dtárla
don té sháraig an aithne.
65]
- Mar sin táinig an peaca;
isé do tharraing an sgiúirse
atá gach lá dár loma,
mar do sloigeadh an t-úbhall.
p.178
- Isé seo an sáilín seire
70] (ó 'sé is deire do gach flathas)
bhias ag seilg ar chluinn Ádhaimh,
ós de tháinig an mhallacht.