Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 64
Féilim Má Cártha
- 1] Caoinfead féin, má thig leam,
mo chlann chruí gan míghreann;
ós mé do chaill iad seach cách,
caoinfead iad go diomách.
5]
- Lag mo chúnamh ar dteacht don chás
do ghuin mo chruí le huathbhás,
im aonar i n-iathibh Fáil,
's gan neach dom ghaol im chôdháil.
- Ós éigean dam trí thuirse chléibh
10] tiunsgain caoi le hiairmneil,
is teinn atá mo cheann a-nocht,
mo ghuth is fann gan furtacht.
- Ní trua bean ag caoine a céile,
ná fear ar díth a bhainchéile;
15] 's is trua mé mar éan gan nid
tar éis na n-óg ná mairid.
p.171
- Nó mar ghéis ar sleasaibh tonn
ag cantain ceóil le neamhfhonn:
ar dteacht don bhás fá n-a déin
20] canan ceól ba truaimhéil.
- Canfadsa lem ré go brách
ceól nách binn gach aontráth;
ó thárla go tráite fann,
caoinfead féin mo chéadchlann.
25]
- Creach lium Ceallachán i gcill,
taobh le Cormac cneismhín;
Anna agus Máire, mo shearc,
mo nuar fá lic i n-aoinfheart!
- Mo cheathrar cluinne gan bhéim
30] nár bh'iarmhar cré i n-aoinchéim,
abhar créacht mo chruí go deó
bheith dá gcaoine i n-aonló.
- Ba bhinn lium a nglór rem theacht,
is iad ag rith i n-aoinfheacht;
35] cé bheir fáilte dham ná póg,
ós marbh iad fá aonfhód?
- Muna bhféachainn do Chríost i gcruis
do fuair ó Iúdaibh athis,
do leanfainn iad gan mhuill fán lic,
40] nó bheinn le baois 'na n-éiric.
- I meán uíche 'na dtrom suain
(creach mo chruí go róchruaig!)
mo cheathrar cáig do chailleas iad
i nóimeant uaire ar aoinrian.
p.172
45]
- Is mó do shíleas ar dteacht dom aois
mo chlann im thimpeal go mbeidís,
ná a ndul uaim go luath i gcill,
is mé dá n-éis ar neachrích.
- Ba dlithe dham urraim óm chluinn,
50] dá dtugas searc mo chéadmhaoin;
ós mé ba sine ná iad,
ba dham ba dleacht an chéidrian.
- Is trua dhóibh do thréig mo pháirt
is d'imig uaim i n-aondáil,
55] nár léig lium tús na slí,
ós mé do rin na peacaí.
- Beag mo shuim i gceól ná i sult;
is uaigneach mé le tamall;
ní binn lium duain ná dán;
60] is cosmhail mé le hamadán.
- D'imig uaim mo ghné 's mo neart;
atáim gan chéill gan toirbheart;
ní heagal lium an bás dom fhios,
tar éis na gcáirde chailleas.
65]
- I n-am suain, i meán uíche,
is bocht bhím ag éagcaoine,
's mo chlann as mo chôir ag teacht
dá iarraig orm gluaiseacht.
- Is cumann dóibh teacht im dháil,
70] is iunmhain lium a ngriansgáil;
gearr go rachad leó san tslí
le toil naomhtha an Áirdrí.
p.173
- Do chím iad san uíche thall,
ní sgaraid lium i n-aonbhall;
75] beid im dhiaig amuich 's istig
go leanfad iad fán mbéillic.
- Is trua lium fá sgíos an bhean
do thug don chluinn a róghean;
tug dóibh grá agus lacht a cruí;
80] is trua lium ise ag ceasnaí.
- Is trua lium a lâ go lag
ó bheith ag buala a bánghlac;
is fliuch bhíd a ruisg um nóin;
do sgoilt a cruí le hanbhóin.
85]
- Ní hiúna lium í go bocht,
isí do chaill a cuallacht;
isí tar mhnáibh Inse Fáil
do chonnaic críoch an tromáir.
- An gleann 'na ndearnadh mo chreach,
90] 's do choisg mo mheadhair gan fuireach,
mallacht Dé do ghnáth 'na bhun
i n-éiric áir mo chumann.
- Gleann an Áir ó so suas
baistim air go biothbhuan;
95] nimh an fhill do rin oram
'na dhiaig do shíor le míochothram.
p.174
- Nár fhaice grian ná solas glan,
nár fhaice ré ná reultan,
diomua séin do shíor na chóir
100] tug mé gan aois im sheanóir!