Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 63

  1. 1] Ní buan bláth i gcionn bliadhna,
    madh lán biadhmhar a dhuille;
    comhartha an choill ar gcríonadh
    barr na fíodhbha dá dtuite.

  2. 5]
  3. An crann chailleas a ghéaga,
    bhíos gan éadach gan toradh,
    is é a chríoch uile choídhche
    lámha daoine dá losgadh.
  4. Atáim go cumhthach ciamhair
    10] bliadhain anocht ó 'nuraidh,
    trém dhuille 'na bhláth bréige,
    gan lán céille dá chumhaidh.
  5. Do chráidh mo chroidhe ar dteastáil
    rogha deasgáin dom dhíoghlaim;
    15] ós dó do bhí mo rothol,
    do-bhéar tosach don díoghrais.
  6. Gnáth mo charaid im aghaidh
    seal tré'n mac-soin do chaoineadh;
    mé i nglas re feadh a eachtra;
    20] ní measa an cat re laoidheadh.

  7. p.170

  8. Cian ré gearr damh i ndoghra,
    cidh mó mh'orchra fán dtráth-so;
    sé mhí fá dhó mhé i bpiantaibh,
    nách mó bliadhain mar Phláto.

  9. 25]
  10. Mé ar nós deiridh an domhain
    (glóir is moladh don naoimhRí!),
    mo bhláth mór ar bheag dtoraidh
    do thuit orainn, cidh daoirní.