Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 62
- 1] Mairg chailleas géag ghlanchumhra
badh cumhdach croinn gan chríonadh;
anois ar n-éag Mathghamhna
do thuit a bharr i n-íochtar.
5]
- Craobh mhaothálainn fhíneamhna
do chailleas i dtós fhoghmhair;
dardaigh fós mo mímheanma
gan súil agam re a fhoghnamh.
p.168
- Gamhain maith don ghamhanraidh
10] do b'áirmheach idir sgolaibh
'na chaoir chruthghlain chabharthaigh,
do thuit mar bhláth roimh thorthaibh.
- Tug díth an dil dealbhchrothaigh,
ag lucht feasa do foighreadh,
15] deóir im dheirc 'na ndeargshrothaibh
nách báidhfeadh reódh ná oighreadh.
- Tig chugam im thaidhbhrithibh
ag seargadh seal le sáimhe
i gcruth álainn ainglidhe
20] bheanas díom gol is gáire.
- Mar thig i gcruth naomhnuaidhe
dom mheadhradh seal le siabhradh,
caillim ar feadh aonuaire
dá mbeith oram úir bhliadhna.
25]
- Leisge is doille is brónbhuidhre,
's gan lámh ag iomlat mh'éadaigh,
tug a éag i gcómhnaidhe
mhé gan ionnramh chóig gcéadfadh.
- Mar léighim a léigheann-san,
30] mar do-chím a aos comtha,
bím do nós na nÉireannach
fá mhaoith ag dul i ndoghra.
- Ar ndíth mo sheacht nglanghárlach
sirim grás ort, a naoimhThriath;
35] maith damh féin a n-achlán-san,
is fág beó agam aointriar.
p.169
- Mar dháil ins an eólchaire
do-rinneas fán ógh amhra,
naomhaingil is óghMhuire
40] guidhim do choimhéad mh'anma.