Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 61

Giollabrighde Mac Conmidhe.
  1. 1] Déan oram trócaire, a Thríonnóid,
    tug radharc i rosg an doill;
    féar tres an gcreig, a Dhé, is doilghe;
    ná leig mhé, a Choimdhe, gan chloinn.
  2. Cuire bláth tre bharr an fheadha,
    a Athair mhóir (mairg nách tuig!);
    bláth tre bharr na gcrann-sa, a Choimdhe,
    clann damhsa gár dhoilghe dhuid?
  3. Dair don dearcain, déas don fhoichnín
    10] ní usa ná an chlann ad-chiad,
    fochan tana ag teachta a gráinne,—
    fearta glana áille iad.
  4. Bradán as gach bailg don iuchraidh,
    éan a huigh (ní hinn nách tuig),
    15] agus call tres an gcnaoi, a Choimdhe,—
    clann dár mnaoi gár dhoilghe dhuid?

  5. p.164

  6. Tugais dom chealgadh cloinn álainn
    d'fhaicsin a mbláith,—beag an phoinn!
    trócaire déan, a Dhé, oirne;
    20] féagh mé, a Choimdhe gan chloinn.
  7. Láithreach folamh ag fear fheadhma
    gan éinghin chloinne is creach mhór;
    tabhair giodh aonduine im ionadh,
    a naomMuire iodhan ógh.

  8. 25]
  9. Dream gan iarmairt, giodh aos conáigh,
    ní cluintear acht an gcéin bhíd;
    giodh caomh é áille gan sholadh,
    gráinne is é gan toradh tríd.
  10. Ní fhuil ann mar ifearn bunaidh
    30] acht bheith gan chloinn (cia nách smuain?);
    líog lom idir fhádaibh fiadhghuirt
    drong nách bhfágaibh iarmairt uaibh.
  11. A Thríonnóid is a thrí Mhuire,
    nár múchtar láithreach mo lis!
    35] neamh re gach n-itche is é is toghtha,
    a shé litre fromhtha fis.
  12. A Dhúileamhain, déach ar mh'éigean,
    a Fhir théachtas tonna an chuain,
    fóir, a Rí thuileas is thráigheas,
    40] an ní chuireas mh'áineas uaim.
  13. A Thríonnóid, tara dom fhurtacht,
    a Eó fis ar nách bhfuil ball,
    i dtoirchim ní coimse, a Choimdhe,
    soillse oimchinn choinnle ar gclann.

  14. p.165


    45]
  15. Dias inn gan aonduine cloinne
    ag casaoid riot, a Rí na naomh;
    go dtí do chridhe ar ar gcloinn-ne,
    a Rí nimhe, is oirne ar-aon.
  16. Cuir im láithreach, a Fhlaith nimhe,
    50] neach dom chloinn bhus cubhaidh ris,
    a Chnú bheó ris nár bhean críne,
    a Threabh na n-eó bhfíre bhfis.
  17. Rugais, a Choimsidh na cruinne,
    mo chlann uaim is iad 'na nús;
    55] buaidh gcloinne ar fhear do badh usa,—
    neamh do roinne tusa ar tús.
  18. An talamh is tú do chruthaigh
    idir chloich gcruaidh is chriaidh mbuig;
    ní lugha a fheidhm, ní mó a mhonair,
    60] deilbh na cnó ná an domhain duid.
  19. Tú do chum do chriaidh is d'uisge
    Ádhamh gan lus gan linn táith,
    Éava as a thaoibh réidh do roighnis
    do bhéin, a Shaoir choimhdheis cháich.

  20. 65]
  21. Tú tháinig fád thoirrcheas buadha
    i mbroinn Ríoghna i ráith na ndíog,
    ar phéin gur fhóiris na huile;
    do róinis féin duine dhíod.
  22. Tú do rad dár gcionn an cholann
    70] i gcloich nduaibhsigh, dáil gan cheilg;
    tú do chuaidh san gcroich dár gcobhair,
    fá chloich i n-uaimh dhomhain dheirg.

  23. p.166

  24. Tú do airg iar n-éirghe as talmhain
    teach ifrinn fá huathmhar gné:
    75] leigheas do chrú don fhuil easláin;
    tú do shuidh ar dheasláimh Dé.
  25. Clár na talmhan is tú loisgfeas
    go mba luaithreadh gach leac bhláith;
    a Shlat is mó cnú san choille,
    80] is tú do-ró i gcoinne cháich.
  26. Tú bhias isan bheathaidh shuthain,
    a Shaoir cháigh ar nách fuil feidhm;
    leathan do líon, a Mheic Muire;
    gá bríogh dheit duine do dheilbh?

  27. 85]
  28. Tú an Saor gan saothar gan obair,
    a Fhir dhírgheas gach dáil gcoim;
    níor usa a mbreith mar cheó coinnle
    ná bheith beó, a Choimdhe, dár gcloinn.
  29. Nochar usa an oidhche dhorcha
    90] dealaighthear leat 's an lá glan;
    gár dhoilghe ná dall go súileach
    clann, a Choimdhe dúileach, dhamh?
  30. Sneachta is grian, a Íosa, i n-aonló
    níor usa dhuit ioná ar nduas;
    95] falach na criadh fúinn is fearta,
    gur shúidh grian an sneachta suas.
  31. A Rí an ríchidh, rugais mh'aonmhac;
    nar bh'oircheas dhuit féachaidh féin;
    do sháithis dealg ar fhud mh'anma,
    100] a Cheard tug gabhla fán ngréin.

  32. p.167

  33. Dearchaoineadh fá dhul a gcloinne
    cúich do dhligh, a Dhearc mar rós?
    liom gé madh maith an cor chuinghim,
    más maith a ndol, fuilngim fós.

  34. 105]
  35. Mo dhá itche, a Airdrí nimhe,—
    neamh an chéidní chuingheas mé;
    madh áil lat is lór a rádha,
    mac i lógh mo dhána, a Dhé.
  36. Faghaidh dhamh, a Mhuire Mháthair,
    110] mac ré ndul don domhan ché;
    im chrú nochar fhuirigh aonarc,
    a bhrú ar dhuinigh daonnacht Dé.
  37. Guidh liom clann do bheith 'na mbeathaidh,
    a Bhrighid ór baisteadh mé;
    115] ná léig t'fhear dána fá dhímheas,
    a bhean ghrádha dhíleas Dé.