Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 60

Cúchonnacht Ó Dálaigh.
  1. 1] Lámh ar th'aigneadh, a Úna;
    léig díot, a dhearc neamhlúdha,
    (gnáth orchradhach inghean ghlan)
    t'imneadh confadhach cumhadh.

  2. p.162


    5]
  3. Tréigthear libh trá bhar dtuirse;
    tuig, a ghnúis mar ghlanluisne,
    dod ghruadh ghairthe gur bh'omhan
    snuadh bhar n-aighthe d'athraghadh.
  4. Fill t'aigneadh, méadaigh meanma,
    10] cuimhnigh, a sheang shoidhealbhdha,
    gul tré dhaoinibh nách dleaghar,
    dul aoinfhir dá fhoillseaghadh.
  5. An cheard-sain do thogh tusa
    teacht uaithe ní hurasa;
    15] an dubha fán bhfoirm 'na bhfuil,
    doirbh an chumha do charthain.
  6. Ball dár dhealbh Ceard na cruinne
    ná searg tré éag aonduine;
    saobh an bhreath dá siabhradh sibh;
    20] do dhreach grianmhar ná geimhrigh.
  7. Soilsigh t'fhabhra ód cheas cumhadh,
    foigh ót aigneadh ardaghadh;
    ná measg, gé tharla ar do thoil,
    do labhra leasg, ná luathaigh.

  8. 25]
  9. Claochládh do chrotha neamhdha,
    díbh cá goimh is goimheamhla?
    lór dod dhamnadh ná tairg trá,
    do mhairg gidh adhbhar iargná.
  10. Ná tabhair dorchra t'aire,
    30] gidh mór h'adhbhar eólchaire;
    a hadhnadh ní tarbha ó thoil;
    marbhadh tanma ná haontaigh.

  11. p.163

  12. I n-áit gach athar eile
    gabh le Mac na Maighdine;
    35] cuir doilghe a chneadh id chridhe
    dod Choimdhe eadh h'aimsire.
  13. Tomás, breitheamh na mbreath bhfíor,
    easbal iodhan na ndeiggníomh,
    dár dtriall is-teagh ó ghníomh ghlan
    40] go teagh an Ríogh le rothol.