Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 58
Tuileagna Ó Maolchonaire.
- 1] A mhná, guileam tre Ghlais Áir,
is tugam ar dtreas 'na dhiaidh;
combáidh ghuil is déanta dhúin,
's créachta an dúin gan luibh gan liaigh.
5]
- Och, ochán! adhbha na sluagh
'na bhfaghbhadh gach bochtán biadh;
níor bh'fhiú cách a cur ar gcúl;
ag gul fán dún go bráth biam.
- Binneas is eól gach re n-uair
10] san tigh-sin ar dtós do-chínn;
é mar tá is damhna dár ndeóir;
mór lá leóin tarla dár dtír.
- Do b'é mo ghrádh bheith san bhrugh,
ní badh slán mé ó nách mar;
15] is é fá liaigh dom lionn dubh;
bun 's cionn gan dul 'na dhiaidh dhamh.
- San teach nduasbhog gan díoth lóin
do bhíodh cead cuarta ag gach cléir,
's gan triall tar ais, dá madh áil,
20] ó Ghlais Áir ina bhfiadh féin.
- Do bhíodh ag laochraidh san lios,
gur traothadh ar dtír a-nos,
súgh caor i gcuachaibh gan ghlas,
's luachair ghlas go caol a gcos.
p.158
25]
- Minic fá meanmnach mic ríogh
san tigh-sin tarla fá bhrón;
mímheanmnach a-nocht, mo nuar!
port na sluagh míndealbhach mór.
- Sí riamh ag dula ós gach dún,
30] mar do bhiadh umha fá ór;
do Ghlais Áir do beanadh bríogh;
táir, fa-ríor, gach meadhar mhór.
- Do b'é ar dteas i n-aimsir uair
an teach san aimsin an óil;
35] do b'é ar bhfuarán geal ón ghréin
an teagh réidh nuabhán gach nóin.
- Bhar n-aithne is ceard deacair dún;
dar leam do leagadh do sheól;
más tú an baile 'na mbínn riamh,
40] caidhe an chliar do chínn ná an ceól?
- Atá agam iongnadh nua,
go gcaithfeam, dá liobhra lá,
gan triall ó thoil re n-ar ló
don toigh dár mó ar mian, a mhná!