Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 57
- 1] Tuar guil, a cholaim, do cheól!
mo chroidhe ní beó dá bhíth;
do bhréagais mo dheór óm rosg;
is truagh nách id thost do bhís.
5]
- A fhágbháil 'na aonar fúibh,
iostadh fairsing múir uí Róigh,
an é do-bheir meanma ort
ag nách éidir cosg do ghlóir?
p.156
- Nó an í an chumha dod chrádh,
10] a cholaim cheannsa, is fáth dhaoibh,
ó nách faice an úrbhas fhial
do chleachtais dod riar gach laoi?
- Cosmhail nách don tír-se thú,
a cholaim bhúidh thig ón Spáinn,
15] i n-ionad ar thárbhaidh dhún
nách faiceam acht tú a-mháin.
- An múr na aonar a-nocht
'na gcluininn gáir chrot is chliar,
gáir na bhflaith bhfairsing fó fhíon,
20] gáir bhrughadh ag díol a bhfiach.
- Gáir laoch ag líomhadh a n-arm,
gáir na stoc i n-am na gcean,
gáir rámhadh isteach san gcuan,
gáir fhaoileann i n-uaimh na sreabh.
25]
- Gáir fithcheall dá gcur i luas,
gáir na suadh as leabhraibh sean,
gáir bhionnfhoclach na mban séimh,
dream do thuigeadh céill ar gceast.
- Inghean Domhnaill do mhear mé
30] 's do chuir mo chéill ar mo mhuin;
a beith gan oighre, gan ua,
cá beag dhamhsa mar thuar guil?
- A chuilm an cheóil bhrónaig san dúna thall,
Is duilibh an róimh nósmhar so fúibh go fann;
35] Tulach uí Ró mhórga na múrtha mbeann,
Gan chuirm, gan cheól seólta ná lúba lann!
p.157