Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 56
Maolmuire (mac Con-uladh) Mac an Bhaird.
- 1] A dhúin thíos atá it éanar,
mairg tárraidh do thaisbéanadh!
an cruth do cuireadh dod dheilbh,
a bhruidhean na sruth seingmheirbh.
5]
- Do múradh taibhle do thor,
do éirigh úir na talmhan
tar fhaolaibh do bhánchloch mbog,
an láthrach aonair umad.
p.151
- Tairnig tú, tugadh do leacht,
10] do beanadh dhíot do dhraoidheacht,
do teilgeadh caoin do chlach gcuir
don taoibh a-mach dod mhúraibh.
- Ní bhí, i n-áit bhar bhfleadh bhfinnte,
acht sruth fuar na firminte
15] ag dul treamhaibh ar gach taoibh,
a bhrugh mar Eamhain orchaoin.
- Is é dúnadh do dhoras,
i n-áit chomhladh gclársholas,
clocha aoil do bhairr fád bhun
20] don taoibh ar-aill dot fhionnbhrugh.
- Ós taisibh bhar bhfuinneóg bhfionn
is é i-niugh is ceól cuisleann
béarla na n-éan 's an ghaoth ghlan,
is fraoch na néall dá nochtadh.
25]
- A chúirt doirseach Dhúin na nGall,
aisling dhuit, doirbh a fhulang,
a bhrugh na mbraonchlár mbleidheach,
dul san chlaochládh choimihdeach.
- Fá tú, a mheadhrach an mhúir chuirr,
30] port oireachais chlann gConaill;
Teamhair comhdhála crú Cuinn
fá tú, a orghánna álainn.
- Fá tú meadh Eamhna i nUltaibh
nó no Cruachna i gConnachtaibh,
35] nó an bhraoinleasa ós Bóinn bhinn
ba róimh aoibhneasa d'Éirinn.
p.152
- Ionnad, a ghéagshlatach ghlan,
do caití cíoscháin Uladh,
do dhála gidh neimhthní a-nocht,
40] 's do-beirthí cána Connacht.
- Uait do-chímís (cúis mheanma!)
sreath long i láibh céideamhna
do bharraibh do bheann gcorcra
go gcrannaibh eang n-éadrochta.
45]
- Do bheannaibh do ghairéad ngeal
do-chímís lúth each n-óigmhear,
lucht na sealg, coimhling na gcon,
a thoinnbhinn na learg líonmhar.
- Istigh ionnad fá ól fleadh
50] do-chímís catha Gaoidheal,
is ar t'fhaithche mhóir mhoighigh
daithle an óil i n-aonaighibh.
- Truagh an dáil-se, a Dhúin na nGall,
tú it aonar d'éis na saorchlann
55] a-nocht gan mhoirn gan mheadhair;
doirbh an tocht 'nar thuiteabhair.
- Cé a-taoi id chodchaibh fán gcriaidh nduinn,
tángadar do chrú Chonaill,
a mhúir ghil na saoirshreabh slim,
60] fir do chaoinfeadh do chréidhim.
- Do bhiadh, dá gcluineadh do chaill,
meanma Mhaghnusa Í Dhomhnaill,
a leas fá tirmríogha tuir,
i gceas imshníomha umaibh.
p.153
65]
- Dá bhfaiceadh Aodh mhac Aodha
mar táid do mhúir mhíonaolla,
ní badh lugha, a rómh na ríogh,
a bhrón fád dhula i ndimbríogh.
- Tú fós dá bhfaiceadh mar soin
70] Aodh Ruadh, an triath rod-thógaibh,
níor bh'iongnadh nár bh'aoibhinn lais,
a lionnghlan aoilshlim fhéarthais.
- Fada go saoilfidís so,
a theacht, gé tháinig uatha,
75] a phort sruithgheal na sreath gcuir,
neach rod-chuirfeadh san gcruth-soin.
- Ó Domhnaill Ruadh, do rí féin,
de tháinig, gidh teidhm aigmhéil,
lot do mhúir, toghail do thuir,
80] a dhúin fholaimh ós Iasgaigh.
- Gidh eadh, ní ar ulca ruibhse
rod-cuireadh sna crothaibh-se,
a ghealaitreabh fán mín muir,
le rígh dheaghaicmeadh Dhálaigh.
85]
- Do b'é adhbhar do thoghla
deagla Dubhghall ndanardha,
a shlaitleabhar na mbrugh mbog,
do dhul d'aitreabhadh ionnad.
- D'eagla go n-aibeórthaoi sin,
90] 'Dún na nGall,' ribh dá-ríribh,
tug dhaoibh, a dhúin na nGaoidheal!
caoin do mhúir do mhionsgaoileadh.
p.154
- D'éis na ríogh do riacht sonna,
fá ilphiastaibh eachtranna
95] mairg dhún do-chighseadh do chor,
a shlisgheal na múr míondubh.
- Do dhíobhadh leis Ó nDomhnaill
fearr dhuitse ná Danarghoill
do tháth tiormthor is crios gcloch
100] tiomchal do lios 's do leargshruth.
- An té tug thú in bhar dtaisibh
cneiseóchaidh na créachtaisin,
guais t'easláinte dhíbh go ndeach,
a mhín leasbháinte loinnreach.
105]
- Dála an leagha, madh liaigh glan,
an uair fhéachas an t-othar,
do ríghthriath do roinne ruibh,
a dhínchliath chloinne Cobhthaigh.
- Aithnidh liaigh leigheas na mball
110] ar fhéachain fhir na dteadhmann,
cáit i mbí bláth a shláinte,
's gach ní is fháth dá easláinte.
- Cuid do na ballaibh bhíos slán
gearraidh don othar easlán,
115] do dháigh i leigheas a locht,
sul gheibheas gráin ná guasacht.
- Ní léig dúnadh a ndoras,
go mbeana a mbí d'amharas
is-toigh do thaobhaibh na gcneadh,
120] gan ghoin mbaoghail go mbíthear.
p.155
- An liaigh ó chuireas ar gcúl
(is an t-othar trá ag téarnúdh)
a thoirse, a ghábhadh, a ghoimh,
doirse na n-áladh iadhaidh.
125]
- An easláinte is iad na Goill,
's is é an deighliaigh Ó Domhnaill;
a threabh chrothghlas chrú Dálaigh,
tú othras an éagálaidh.
- Biaidh ón triath lé dtáir do rath,
130] do dheóin Dé, Dia 'na thosach;
id chúirt shuaithnidh, taoibh re taoibh,
do chaoin uaighfidh re t'eascaoin.
- Ó's é lot do lios mballach
Aodh Ruadh, rí na gConallach,
135] sgaoilfidh sé ciaigh do cheasa,
badh é liaigh do leigheasa.