Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 52
Maolmhuire Ó Huiginn.
- 1] A fhir théid go Fiadh bhFuinidh,
mo-chean toisg dá dtriallfaidhir!
críoch naomhdha thirmlinnte the,
maordha an fhirminte uaiste.
5]
- Do-bhéara cúl (mo-chean duit!)
don Róimh, don Eadáil ordhraic,
cúl don Spáin ngairgbheódha ngrinn,
dáil re n-airdeóbha thintinn.
- Cúl don Fhrainc na ród dtairtheach
10] do-bhéara (beart neamhaithreach!)
iath nách samhail d'iath oile,
's aghaidh ar iath Úghoine.
- Nát-congbhadh go soiche sibh
fuacht earraigh ná gaoth gheimhridh,
15] fuinn mhíne na magh ndata,
ná gal síne samhrata.
- Gach feidhm dá bhfuileónga sibh,
is thaghaidh ar Iath Fhuinidh,
cuimhnigh féin ar áille an fhuinn
20] 's ní sáimhe céim ar chearchaill.
p.140
- Dá bhfaicfe uaid ochta a beann,
céadradharc innse hÉireann,
beanfaidh dhíot ciaigh do chroidhe,
biaidh i n-íoc bhar n-eólchaire.
25]
- Ar fhuilngis riamh roimhe soin
dolc idir thír is tonnmhuir,
ní badh cumhain led chroidhe,
ná pudhair dá pudhraighe.
- Ní thréigfe tú ar dtocht a-nonn
30] Inis Fáil na bhfiodh gcnódhonn,
do chríoch siar, seal a-bhusain,
mo-chean triall san turas-sain.
- Fairgse a sreabh, siobhal a fuinn,
fairgse a coillteadh ndlúith ndíoghainn,
35] radharc um cheann a calaidh,
amharc is fhearr uarabhair.
- Ní fhaicfe nathair nimhe
san chrích álainn ainglidhe;
rogha leaptha clúimh a cladh,
40] úir tara deacra déanamh.
- Aoibhne a hoirear, áille a sreabh,
cnuas a fiodh, iasg a hinbhear,
lúth a greagh is caoimhe a con,
saoire na bhfear, cá bhfaghthar?
45]
- Tír nár thréig a cuing chreidimh,
tír is umhla d'fhoighidin;
measardha a tír is a tonn,
tír is easumhla d'fhorlann.
p.141
- Ar Dhia amháin badh anta d'fhior
50] i n-éagmhais innse Gaoidheal,
's ní ar dhocamhal dá dhocra,
ná ar shocamhal shaoghalta.
- Fuilngidh Dia dúthaigh a sean
tre anuabhar Mac Míleadh,
55] tír ainglidhe fá n-iadh tonn,
fá rian ainbhfine eachtrann.
- Gan fhágbháil oirir Bhanbha,
gan anmhain ón athardha,
mo-chean len héidear é a-nois
60] gan tréigean Dé ná a dhúthchais.
- I ngioll ar Dhia is deimhin linn
gi-bé do fhúigfeadh Éirinn
le triall gan tocht tar a ais,
go madh rian go port Pardhais.
65]
- Maith do thuig Tadhg Ó Dálaigh,
do rad cúl dá chompánaibh,
do thuig an iris do bfhearr,
do dhruid ó inis Éireann;
- Do threabh le hiathaibh oile,
70] do thogh bheith i mbochtaine;
do thréig a thuile 's a thráigh,
do léig do dhuille an domhnáin.
- Méad ar n-annsa ag fearaibh Fáil,
d'oilithre is feirrde a bhfágbháil;
75] cúl re fréimh fhionnGhaoidhil d'fhior
céim ionmhaoidhimh re a áireamh.
p.142
- A dhocracht anmhain uaidh sin,
móide is anta ó Fhiadh Fhuinidh,
gé madh leasg aigneadh d'fhuireach
80] i measg chaidreabh gcomhaidheach.
- Adeir an chlí i gcogar riom,
dá n-anar ó iath Éireann,
badh náir an céim re a char rinn
damh féin a-mháin dá mairinn.
85]
- Mo leas féin is foghnamh cáigh
go bhféadfainn innte d'éanláimh;
do-chiú a lán re a dhéanamh dhún,
dá féaghadh madh ál iompúdh.
- Do-chiú thoir don taoibh eile
90] beathaidh n-aonda n-ainglidhe,
gan rún i gceilg ná i gcionaidh,
gan tnúdh, gan fheirg n-eisiodhain.
- Gan raon do rochtain an uilc,
gan chúis, gan chaoi ar a fhóbairt,
95] acht an chlí fá chuing choidhche,
gan bhuing re ní neamhfhoirfe.
- Gan ualach oile d'fheidhm throm,
gan cuing ionghaire anmann,
lór an chlí is collaidhe im bun,
100] tromoire í re a hiomchar.
- Iompúdh go hÉirinn tar mh'ais,
nó mé d'anmhain 'na héagmhais,
stiúr, a Dhé, ar an iúl inne,
gi-bé iúl is innille.
p.143
105]
- Idir Mhuire Mhaghda-léan
's Marta mar so san soisgéal,
rug an Coimdhe breith mbunaidh;
a bhreith oirne is iomchubhaidh.
- Is iontuigthe dháibh is dún,
110] na cairde ler fhearr mh'iompúdh,
giorra an ré róm is reampa;
fám chlódh is é is inleanta.
- Mo charaid is caraid Dé
go dtuillid beatha is buainré
115] san chrích fhionnghlain fán mín muir;
ionmhain an tír i dtiaghair!