Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 51

Brian (mac Toirdhealbhaigh) Mac Giollapádraig.
  1. 1] Truagh t'fhágbháil, a inis Chuinn,
    a adhbha na n-eas n-álainn,
    a thrillseach iasgach éanach
    riasgach innseach oiléanach!

  2. p.137


    5]
  3. Fúigfe mise, 's is leasg liom,
    th'amharc-sa, a iath Éireann;
    guais dúinn gurab adhaint uilc
    do mhalairt, a úir ordhairc.
  4. Ní hannsa dh'éinchrích oile,
    10] ní d'fhuath ort acht d'ionmhaine,
    tug ar mh'óidh triall ód thuinn-se,
    a fhial an tshlóigh shéaghainn-se.
  5. Ní fhúigfinn tú, a Threabh na Niall,
    d'fhonn aoibhneasa nó ainmian,
    15] a chríoch ghargumhal Ghabhra,
    acht dardughadh mh'ealadhna.
  6. Ar Dhia uile agus ort féin
    fhágbhaim sibh, a Ráth ríNéill,
    's i ndóigh thfhaisgeana fá ádh,
    20] a róimh taisgeadha tromdhámh
  7. Saoth leamsa (lór do dhoghra)
    fágbháil tfhuinn is t'athardha
    do ghrádh ceard gcaomhnuaidhe ngeal,
    a learg thaobhuaine Thailltean.

  8. 25]
  9. Cá truaighe, cá truime ceas,
    dá meastaoi a mhéad do dhoilgheas,
    a chríoch eóil na n-amharc sean,
    gan radharc th'fheóir ná h'inbhear?
  10. Truagh fós gan faicsin t'fhiodhbhadh
    30] liom ar los mo cheileabhradh,
    a threabh na nduas roinntear rum,
    ná cnuas do choillteadh gcnódhonn.

  11. p.138

  12. Giodh é fós, is fáth maoithe
    gan clos fhoinn na hardghaoithe,
    35] théid siar tar chéidibh do chnoc,
    a fhiadh nách éidigh iomlat.
  13. Bheith dá n-éis is damhna deóir,—
    binneas t'éan, aoibhneas t'aeóir,
    gáir do shealg, congháir do chon,
    40] is comhdháil do learg líonmhar.
  14. A thír Bhreagh 'nar buan finnfhéar,
    gan graifne ar ngreagh n-inginghéar,
    ná súil oraibhse i n-am áigh,
    is barr doghailse is diombáigh.

  15. 45]
  16. Dá n-áirmhinn t'áineas uile,
    créad é acht adhbhar eólchaire?
    do b'fhearr dhúinn gan iomrádh ort,
    a úir dánb iomlán mhannsacht.
  17. Acht so a-mháin maoidhfe mise,—
    50] mo ghrádh dhod dhroing dhílis-se;
    a threabh tholach do chleacht coim,
    mo shearc d'fholach ní fhéadaim.
  18. Ní tú, a chríoch, chaoinim uile
    acht do mhná 's do mhacraidhe,
    55] dream fá haoibhne aigneadh ruinn,
    caoimhdhe a gcaidreabh 's a gcumainn.
  19. A inis Bhreagh na mbeann mbog,
    mór gcompán fhágbhaim ionnad,
    drong nách fallsa cló ná coir,
    60] 'gá r mó mh'annsa iná agaibh.

  20. p.139

  21. Ag so chugad, a chríoch Bhreagh,
    tós ós dual díbh is deireadh,
    a ráith neammbocht ler dhial druadh,
    beannacht ó Bhrian go biotruagh.