Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 49

Tadhg Camchosach Ó Dálaigh.
  1. 1] Dá grádh do fhágbhas Éirinn
    im bráthair bhocht beigléighinn,
    gé'r dheacair fonn fádghlas Fáil
    's an drong do fhágbhas d'fhágbháil.

  2. 5]
  3. Do fhágbhas Éirinn na ríogh
    ar ghrádh Dé 's ní dá dimbríogh;
    ní d'álghas fiadha badh fearr
    do fhágbhas fhiana Éireann.
  4. Maoith chroidhe, gé'r chéim diadha,
    10] tocht i dtíribh imchiana
    ón fheadhain gár hoileadh ionn,
    deadhail re hoirear Éireann.
  5. Rugas (do b'fheirrde mh'eachtra)
    céim i n-aghaidh mh'aigeanta
    15] tar an muir ngairgmhir ngábhaidh
    óm chairdibh, óm chompánaibh.

  6. p.133

  7. Gurab tarbha damhsa is dáibh
    mo mháthair, mh'athair d'fhágbháil,
    's a n-aicme ar-aon leath ar leath,
    20] an mhaicne gé'r chaor chairdeach.
  8. Ní aibeórainn (innis dóibh,
    mo lucht cumtha agus comhóil)
    a n-abraim, gé madh ionráidh,
    muna n-abrainn d'eisiomláir.

  9. 25]
  10. Ní hé gurab aithreach leam
    ceileabhradh do chrích Éireann;
    ní ar son toirrse dom tholladh
    na roinn-se dorónamar.
  11. Do fhidir Dia 'gá dá a fhios
    30] aithreach a fhad gur thréigeas,
    d'fhagháil onóra badh fearr,
    roshlógha is anáir Éireann.
  12. Doilgheas 'gár ndaoinibh bochta
    do-chuala (is cúis daonnachta),
    35] tré n-ar ndol fá chuing chrábhaidh,
    druim do chor rem chompánaibh.
  13. Dá madh mise macaomh óg,
    aonmhac tighearna thuasód,
    san fhód bhunaidh i mbíodh mé,
    40] do badh cubhaidh tríom tuirse.
  14. Mór ríogh féin (fochain ratha),
    mór mac ríogh is rofhlatha
    rug ar chuing nár chuing fhallsa,
    tug druim ris an domhan-sa.

  15. p.134


    45]
  16. Do fhágbhas fhine Ghaoidheal
    ar Chríost (ní dá chommaoidheamh),
    daoine ler bhálghas lámh linn;
    dá grádh do fhágbhas Éirinn.
  17. Ar ghrádh Muire agus a Meic
    50] do fhágbhas Éirinn oirdhreic,
    earla claon an chuirp óghdha,
    craobh dhealbhdha an fhuilt fhorórdha.