Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 48
Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt.
- 1] Beannaigh an long-sa, a Chríost cháidh,
an tsíon, an tonn-sa, 's an tír;
bíd t'aingil 'na gcléith dár gcóir
is róinn mar sgéith ndaingin dín.
5]
- Síthigh gairbhshín goimh dá glór,
mínigh gach moir ainmhín fhuar,
fraoch an earraigh cuir ar gcúl
dún go dul tar ceannaibh cuan.
- Doiligh mé fám chúl do chur
10] re Múr Té, 's is doiligh dhamh,
múr fianbhothach na sleagh sean,
treabh na sreabh ngrianshrothach nglan.
p.131
- Cuir mé go seasgair chum seóil,
a Dhé, gan easbaidh ar n-iúil,
15] ón tsín gharbhfhuair tar moir mhóir
re cóir ghloin go gcalmuain gciúin.
- Maith mo churach aidhbhseach úr,
taidhbhseach a tura is a taobh,
long ghéagach bhonnógach bhuan,
20] stuagh théadach chronnógach chaomh.
- Long gan tlás i dtachar arm,
gan sgáth i sgathamh na storm,
seóltóir tré chlár na gceann ngarbh
mar badh sál marbh gach gleann gorm.
25]
- Tré ghrianbhádh gach toinne tráth,
ar fiarlán, dá ghoinne an ghaoth,
lingidh ó chabhlach na gcríoch;
armach a fíoch is a fraoch.
- Slios fadúr foileimneach tréan,
30] roineimhneach mar dhragún ndúr,
breaclong na srólbhratach saor,
taobh creatlom órshlatach úr.
- Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg
bheannbhachlach chíorach na gcolg;
35] slios snaschaomh is faobhrach fearg,
na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mborb.
- Tionnlaic sinn, a Rí na rann,
tar linn, is gach líon bhus leam,
gan bhaoghal ó bholgaibh tonn
40] a-nonn seach bhordaibh na mbeann.
p.132
- Sirim ar aonMhac, Íosa, d'fhuiling an pháis
Nár bhristear don luing ná don bhuín 'na bhfuile go brách;
Buinne ceart gaoithe tríthi, is tuile 'na deáig,
Ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.