Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 47
Colum-cille cct.
- 1] Ceileabhradh uaimse d'Árainn,
ceileabhradh truagh, mar shaoilim;
mise 'gom chur soir go hÍ,
ise fá dhlaoi ón dílinn.
5]
- Ceileabhradh uaimse d'Árainn!
is eadh chráidheas mo chridhe
gan bheith thiar ar a tonnaibh
idir dhrongaibh naomh nimhe.
- Ceileabhradh uaimse d'Árainn
10] do chráidh mo chroidhe creadhail;
isé an ceileabhradh fá dheóidh;
uch! ní dom dheóin an deadhail.
- Ceileabhradh uaimse d'Árainn,
isé an ceileabhradh dubhach;
15] ise lán d'ainglibh fionna,
mise gan ghiolla im churach.
- Uch! is cian
rom-cuireadh ó Árainn thiar
go ria slógh Monaidh a-mach
20] ar ionchaibh na nAlbanach.
p.130
- Mac Dé bhí,
isé rom-chuir-se go hÍ,
sé tug d'Éanna, mór an rath,
Ára, rómh na n-oilithreach.
25]
- Ára naomh!
mairg is biodhbha dhi mar aon,
's go dtigid aingil do nimh
dá fios gach aonlá is tseachtmhain.
- Gion go mbeith do bheathaidh ann
30] acht éisteacht aingeal Árann,
fearr ná gach beatha fá nimh
éisteacht rena gceileabhraibh.