Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 46

Colum-cille cct.

  1. 1] Dá madh liom Alba uile,
    óthá a broine go a bile,
    ro b'fhearr liomsa áit toighe
    agam ar lár caomhDhoire.

  2. 5]
  3. Is uime charaim Doire,
    ar a réidhe, ar a ghloine,
    's ar iomad na n-aingeal bhfionn
    ón gcionn go soich ar-oile.
  4. Nochan fhuil duilleóg ar lár
    10] i nDoire chuanna chomhlán
    gan dá aingeal go n-óige
    i n-aghaidh gach duilleóige.
  5. Ní fhaghaid ionadh ar tír
    d'iomad na n-aingeal maith mín;
    15] ar naoi dtonnaibh amach dhe
    is eadh ghabhaid ó Dhoire.
  6. Truagh liomsa na gáirthe guil
    dá gach taobh do Loch Feabhail;
    gáir Conaill, gáir Eóghain trá,
    20] ag eólchaire im dhiadh-sa.

  7. p.127

  8. Ó fhúigfead mo bhráithre fén,
    inneósa mé fios mo rúin:
    ní bhead aonoidhche—ní chéal—
    nách tiucfa déar ar mo shúil.

  9. 25]
  10. Mo dheadhail re Gaoidhealaibh,
    ionnta tarla mo spéis-se,
    cuma liom gidh aonadhaigh
    mo shaoghal tar a n-éise.
  11. Do Ghaoidhealaibh mé féne,
    30] 's do Ghaoidhealaibh mo náire;
    do Ghaoidhealaibh mo léigheann,
    is d'fhearaibh Éreann mh'áille.
  12. Ó na gáirthibh-se ad-chluinim
    créad fá bhfuilim im beathaidh?
    35] gáir mhór muintire Doire
    do bhris mo chroidhe i gceathair.
  13. Fágtha dhúinn Doire dearcnach,
    dubhach déarach doimheanmnach;
    sgaradh ris is crádh cridhe,
    40] is dul uaidh go hainbhine.
  14. Ionmhain fiodh
    asar cuireadh mé gan chion;
    dainimh dainnribh cloinne Néill
    mo chur i gcéin 's dá gach fior.

  15. 45]
  16. Is anba luas mo churaigh
    agus a dhruim re Doire;
    saoth liom mo thoisg ar ardmhuir
    ag triall go hAlbain mbroinigh.

  17. p.128

  18. Faoileanna Locha Feabhail
    50] romham agus im dheaghaidh,
    ní thigid liom im churach,
    uch! is dubhach ar ndeadhail.
  19. Mo chos im churchán cheólach,
    mo chroidhe truagh taidheórach;
    55] fann duine mar nách treórach,
    dall uile gach aineólach.
  20. Mo radharc tar sál sínim
    do chlár na ndarach ndíoghainn;
    mór déar mo ruisg ghlais ghlémhoill
    60] mar fhéaghaim tar mh'ais Érinn.
  21. Fuil súil nglais
    fhéachas Érinn tar a hais;
    nochan fhaicfe iarmho-thá
    fiora Éreann nách a mná.

  22. 65]
  23. Mochthráth is um nóin caoinim,
    uchán an turas théighim!
    is é m ainm-se, rún no ráidhim:
    ‘Cúl re hÉrinn.’
  24. Do-chím Í!
    70] beannacht ar gach súil do-chí;
    an té do-ní leas a chéle
    is é a leas féne do-ní.
  25. Beir mo bheannachtain leat siar;
    is briste mo chroidhe im chliabh;
    75] dá dteagmhadh éag dála dhamh,
    is ar mhéad grádha Gaoidheal!

  26. p.129