Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 44
Deirdre cct.
1]
Ionmhain tír an tír-úd thoir,
Alba go n-a hiongantaibh;
nocha dtiocfainn aisti i-le,
muna dtíosainn le Naoise.
5]
Ionmhain Dún Fiodhgha is Dún Fionn,
ionmhain an dún ós a gcionn,
ionmhain Inis Droighean de,
's is ionmhain Dún Suibhne.
Coill Chuan!
10] gus' dtigeadh Ainnle, mo nuar;
fá gar liomsa do bhí an tan,
is Naoise i n-oirear Alban.
p.124
Gleann Laoidh!
do chollainn fán mboirinn chaoimh;
15] iasg is sidheang is soill bruic,
fá hí mo chuid i nGleann Laoidh.
Gleann Masáin!
ard a chreamh, geal a ghasáin;
do-nímís colladh corrach
20] ós inbhear mongach Masáin.
Gleann Éitche!
ann do thógbhas mo chéidtigh;
álainn a fhiodh, iar n-éirghe;
buaile gréine Gleann Éitche.
25]
Gleann Orchaoin!
fá hé an gleann díreach dromchaoin;
níor uallcha fear a aoise
ná Naoise i nGleann Orchaoin.
Gleann Dá Ruadh!
30] mo-chean gach fear dána dual;
is binn guth cuaiche ar chraoibh chruim
ar an ndruim ós Gleann Dá Ruadh.
Ionmhain Inis Droighean de,
ionmhain a uisge gainmhe;
35] nocha dtiocfainn aisti an-oir
muna dtíosainn lem ionmhain.
p.125