Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 42
Colum-cille cct.
1]
Meallach liom bheith i n-ucht oiléin
ar beinn cairrge,
go bhfaicinn ann ar a meince
féth na fairrge.
5]
Go bhfaicinn a tonna troma
ós lear luchair,
amhail chanaid ceól dá nAthair
ar seól suthain.
Go bhfaicinn a trácht réidh rionnghlan
10] (ní dál dubha);
go gcloisinn guth na n-éan n-iongnadh,
seól go subha.
Go gcloisinn torm na dtonn dtana
ris na cairrge;
15] go gcloisinn nuall re taobh reilge,
fuam na fairrge.
Go bhfaicinn a healta ána
ós lear lionnmhar;
go bhfaicinn a míola mára,
20] mó gach n-iongnadh.
p.121
Go bhfaicinn a tráigh 's a tuile
ina réimim;
go madh é m'ainm, rún no ráidhim,
Cúl re hÉirinn.
25]
Go n-am-tíosadh congain cridhe
agá féaghadh;
go ro chaoininn m'ulca ile,
annsa a réaladh.
Go ro bheannachainn an Coimdhe
30] con-ig uile,
neamh go muintir gráidh go ngloine,
tír, tráigh, tuile.
Go ro sgrúdainn aon na leabhar,
maith dom anmain;
35] seal ar sléachtain ar neamh n-ionmhain,
seal ar salmaibh.
Seal ag buain duilisg do charraig,
seal ar aclaidh,
seal ag tabhairt bhídh do bhochtaibh,
40] seal i gcarcair.
Seal ag sgrúdain flatha nimhe,
naomhdha an ceannach;
seal ar saothar ná badh forrach;
ro badh meallach!
p.122