Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 39
Oisín cct
1]
Dubhach sin, a Bheann Ghualann,
a bheann na nuabharr gcruthach;
roimh thoidheacht an Táilginn
do b'álainn bheith ar do mhullach.
5]
Do b'iomdha cú agus giolla
ar do shlios, a Bheann Ghualann;
do b'iomdha ort laoch láidir
agus beann bhláithbhinn bhuabhaill.
Gotha gadhar id ghleanntaibh,
10] is muca allta dá bhfiadhach;
gach féinnidh dá raibh do láthair
go gconaibh áille ar iallach.
Fa hiomdha ort cruit cheóilbhinn
ós leirg na bhfód mín bhféarghlas,
15] is ór dá bhronnadh an uair-sin
re gabháil duanta is dréachta.
An uair-sin, a Bheann Ghualann,
níor bh'fhuath linn bheith fád thaobhaibh,
anocht gé tearc mo charaid,
20] fa-ríor! ní mhairid mo ghaolta.
p.58
Nuallán do chorr san oídhche,
is cearca fraoich do shléibhe
le chéile, agus ceól caoince,
do b'aoibhinn bheith dá n-éisteacht.
25]
Is dúinne do b'adhbhar meanma
éisteacht re gothaibh bhar n-iolar;
ba bhinn cannrán do dhobhrán
agus comhrádh do shionnach.
Séis bhar lon 's bhar smaolach
30] is dúinne is adhbhar cumhadh;
ba tógbháil bróin do bhantracht
fearáin do chrann gcluthair.
Fa hiomdha cnuas do chuilleadh
le mnáibh fionna na Féine:
35] do chaora go mblas gcumhra,
do shubha agus do sméara.
Mónóga caomha corcra,
biolar, folacht, is gleórán;
is triar inghean Chais Chuailnge,
40] fa binn uatha a ndórdán.
Subha craobh agus áirne,
cna go n-áille, agus féithleann,
do b'iomdha sin a dtairmis
thall i n-aimsir Fhian Éireann.
45]
Álainn inbhear h'uisge,
agus leirg na sruth saoirbhinn;
anocht gé táim go harsaidh,
do chaitheas aimsir go haoibhinn.
p.59