Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 38
Oisín cct
1]
Mian mhic Cumhaill fá maith gnaoi
éisteacht re faoidh Droma Deirg,
colladh fá shíodh Easa Ruaidh,
fiadh Ghaillmhe na gcuan do sheilg.
5]
Sgolaidheacht luin Leitreach Laoigh,
Tonn Rudhraighe ag buain re tráigh,
dordán an daimh ó Mhoigh Mhaoin,
búithre an laoigh ó Ghleann Dá Mháil.
Foghar seilge Sléibhe gCrot,
10] fuaim na n-os um Shliabh gCua,
monghar faoileann Iorrais thall,
gáir na mbadhbh ós cionn na sluagh.
Coigeadal na mbárc re tuinn,
donál conairte i nDruim Lis,
15] briathra Brain i gCnoc na nDáil,
gáir na dtrí sreabh um Shliabh Mis.
Faoidh buabhaill ar sgur do sheilg,
guth gadhair ar leirg na bhFian,
fleadh Almhaine i measg na ndámh,
20] fá hiad sin go brách a mhian.
p.57