Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 36
1]
Trí gártha is gnáthach 'na dhúnadh,
dúnadh ard i n-ibhthear corm,
gáir na stéad i ndáil na ndeighfhear,
gáir théad, is gáir geimheal ngorm.
p.54
5]
Trí neithe chuireas 'na gcolladh
cobhlach í Dhuach ó Dhruim Ceit,
gotha téad is faoidhe faoileann,
laoidhe géag Raoileann dá reic.
Trí neithe dhúisgeas 'na dheaghaidh,
10] deabhaidh luingse láimh re port,
gáir na sluagh ar muir dá maoidheamh,
guil san chuan ag caoineadh corp.
Trí neithe aoibhnigheas ortha
d'aithle éachta fhéinnidh Lí,
15] uaill na sealg, is gníomh na nglainghreagh,
fíon dearg do tairngeadh fá thrí.