Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 35

Criostóir Pléimeann
1]
  • Triallam go caisleán an cheóil
    mar dtigid na seóil is-teach;
    ba minic i n-aimsir óil
    meadhair a shlóigh ag déanamh chreach.

  • 5]
  • Ionmhain brugh fá mbuailid báirc,
    ionmhain tráigh is aoibhinn tonn,
    ionmhain faoidhe finnéan ngeal,
    ionmhain treabh is fíonmhar tonn.
  • Trí dúnta is oirdhearca clú,—
    10] is díobh thú, a dhún an tslóigh,
    deaghdhún Chon cCulainn na gcleas,
    is an múr theas, Dún an Óir.
  • Go dúnadh fíonmhar na bhfleadh
    inar lia greagh agus giall,
    15] go hasard ós an lear lán
    do ba minic dámh ag triall.