Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 34
1]
Truagh do thoisg, a fhir na sgéal!
olc an séan le dtáinig sibh;
ní chollaim oidhche ná lá,
do fhágbhais mé lán do nimh.
5]
An nimh-sin do chuaidh im cheann,
is gearr uaithi dul im chois;
do shiobhail sí mo dhá láimh;
och, a Dhé! mar táim a-nois.
Ní beó mé, ní bhfuaras bás,
10] truagh an cás ina bhfuil sinn;
ní bhfuigheadh an tsnáthad chaol
ionad im thaobh gan bheith tinn.
Ní aithnim airgead tar ór,
ní mór go n-aithnim an sluagh,
15] bím ar meisge gan fhíon;
do thuras, fa-ríor, is truagh!
p.53