Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 33
Diarmaid Bán Ó Hanglainn
1]
Saoghal so nách saoghal damh,
ní hé an saoghal-sa ar saoghal,
saoghal ó nách saoghlach sinn;
baoghlach an saoghal, saoilim.
5]
Níor thuigeas (ba thuigse shlim;
truagh nár thuigeas mar thuigim!)
nách í an tuigse do thuig mé;
tuig nár thuigse mo thuigse.
Anois tuigim nár thuig mé,
10] giodh mall do thuig mo thuigse;
ní fhaghaim lem thuigse ar dtoil,
tuigse do adhair d'antoil.
Mo thuigse ar thoil mo thoile
le toil do thoil mh'antoile;
15] mo thoil-se ar thoil na tuigse,
toil dár foigse fíorthuigse.
p.52
D'éis a dtuigim (truagh mo thoisg)
dar leam is duine díochoisg
nách géill ó thoil do thuigse
20] le céill oimh na hantuigse.
Mo thoil, a Dhé, ar do thoil-se,
coisgeadh dá toil mh'antoil-se;
mo thoil, mo thuigse mar so
tuig-se gan oil, a Íosa.