Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 30
1]
Dána dhamh gan bheith im thocht,
is nách tuigim port go cóir;
mh'inntleacht ó tharla go mall,
ní gheabha mé acht rann nó dhó.
5]
Guth mo chinn ó ta go searbh,
dearbh nách cuirfead é le téid,
is guth m'ochta thíos ar meath;
ní innsim díbh leath mo sgéil.
Ní thuigim téada ná puirt,
10] ní fhaghaim mo ghuth go sámh;
díoghbháil gotha is cumhgach cléibh
is tríd nách gabhaim féin dán.
p.50