Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 29
1]
Don bhothán is deacair bóin,
is mairg théid dá dheóin 'na pháirt!
ceard is doilghe dár chum Dia,
gi-bé thairgfeadh a riar go bláith.
5]
Bean bheag mhíothairbheach bhorb
is sgaoi ghárlach is doirbh mian
is mairg dár cuideachta an drong
i n-éadach lom is iad gan bhiadh.
p.49
Is soiléir gach lá dhá dtig
10] é bheith ar easbhaidh an bhig 's an mhóir,
súil le furtacht nách bí i ndán,
don bhothán trá is deacair bóin.
1Do rinne an bothán bochtán bocht buartha dhíom,
Thilg sé mo sgafántacht go hanásta suas is síos,
15] Do rinne sé loisgreán go hiomlán is gual dom chruí,
Is ní fhuil ach leanbán ins gach mácamh dá mbuaileann faoi.