Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 26
Maoilín Óg Mac Bruaideadha.
1]
Bráthair don bhás an doidhbhreas!
ní dhligheann foighdheach faoilte;
dúisgidh foilmhe fuath carad,
ní carthar neach gan mhaoine.
5]
Ní chuala riamh 'gá radha
gur gránna neach madh soidhbhir;
bídh, 'na sheasamh 's 'na shuidhe,
gráin mhairbh ar dhuine dhoidhbhir.
Minic bhíos damhna flatha
10] soidhbhir ratha óg álainn,
's a mhac i bhfeidhm an tsúiste,
trí glúine ó rígh go rámhainn!
Mar bhíd ag ól 's ag aoibhneas
fóir Ghaoidheal na ngleó neamhlag,
15] bídh túis suidhte ag an soidhbhir,
's bídh an doidhbhir ar dearmad.
Ní miste an té bhíos saidhbhir
bheith aimhnirt tréith i dteagmháil,
bheith balbh túitmheach i dteangaidh,
20] bheith ar leathchois nó ar leathláimh
Ní feirrde an duine daidhbhir
bheith raighlic foirfe i bhfoghlaim,
bheith fosaidh dearbhtha i ndeighchéill,
bheith neimhthréith ag cur comhlainn.
p.42
25]
Ní feirrde dhó a bheith maordha,
bheith fraochda nó bheith ceannsa,
bheith do threibh Chuinn nó Chathaoir,
bheith sochoisg dathchaoin dealbhdha.
Ní feirrde dhó a bheith suilbhir,
30] má cluintear a bheith folamh;
mar atáim-se mairg tárraidh,
lom ar mbreith áraigh oram.
Gur measadh mé as mo neamhstór,
do b'fhiú deargór mo labhairt;
35] iniu ní fhaghaim éisteacht,
do thréigsead mé mo charaid.
Dígheóla mé mo thréigean
ar neach éigin nách aibéar
d'uaislibh Gaoidheal ghuirt Mumhan
40] dár dhual m'fhurtacht óm ainshéan.
Ós deadhail dúinn re chéile,
ar bharr áigh fréimhe fionnBhloid,
triath Fhorghais na bhfonn lígheal,
do-ghéan mo dhíthcheall iomlait.
45]
Inneósad air bheith bronntach,
ní dá dtig tromlot tíre,
's a bheith congháireach creachach,
mar do chleachtadh Mic Míleadh.
p.43
Adéar go dtabhair anóir,
50] ursa cathshlóigh Chláir Chliodhna,
do dhaoinibh nách díol ceana,
i n-aghaidh reachta an Phrionnsa.
Adéar go n-adhrann d'íomháigh
ua ríoghTháil na ruag bhfeardha;
55] adéar go dtéid fá thobar;
ní badh hé an cogadh ceannsa.
Adéar iar ndul 'na dhánacht
go mbí bádhach re biodhbaidh
is coimhitheach re caraid;
60] tearc mo shamhail d'fhior iomlait.
Adéar gurab é is buirbe,
sódh fuilngthe gacha fuarghaoil,
's nách gabhann áis gan éigean,
's go n-éistfeadh dán is duanlaoidh.
65]
Adéar go ndéineann coinnmheadh,
gur líon d'fhoirneart is d'anaoibh,
go dtógbhann sreath is sobhadh;
beidh foghar cháich rem chasaoid.
Adéar nách leó acht go Luimneach,
70] síol Luighdheach Meann na míntréad;
dá gcur don chrích-sin Chonnacht,
badh dochar dóibh a ndingéan.
Adéar geall Gaoidheal Teamhra
ag Leath Chuinn feardha feadhmchruaidh
75] tar Leath Mogha na míonmhagh,
súil re gríosadh a ghealghruaidh.
p.44
Do-geibhthear treise iar dtréithe,
do-geibhthear téigle iar dtroimchioth,
do-geibhthear síoth iar siosma;
80] lia 'sas lia fiorta an Choimdheadh.
Do-geibhthear síon iar ngairbhshín,
dlighthear ainmhín do riadhadh;
do-ghéabh-sa séan iar ndoishéan,
coiléan gach cú go fiadhach.
85]
Brisfidh sé doirse ar ndaidhbhris,
ua an Taidhligh dár bh'ainm Eóghan,
fear riartha gach fir oile,
beanfaidh dom chroidhe ceóbhrat.
Dár nglanadh do ghabh daonnacht
90] Mac Dé is gaolmhar i ngrásaibh;
luibh chabhra cháich a chréachtghon;
mo-ghéanar 'gá mbí bráthair.