Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 23


1]
  • Cruaidh an cheard an compántas,
    ní uaim féin aithnim oram;
    tearc duine sa domhnán-sa
    do chongaibh é san gcothrom.

  • 5]
  • Compánaigh na haimsire-se
    truagh a fhusacht cheanglaid comann,
    's nách fusa le haimhghliocas
    ná leó a sgaoileadh go hobann.

  • p.37

  • A lucht cheanglas compántas,
    10] cuartaidh féin croidhthe a chéile,
    sul léigfe sibh go hantráthach
    le cách fios bhar méine.
  • Agam do bhí an compánach
    do b'annsa leam d'iath Éibhir;
    15] do bhí umam go roghrádhach,
    má b'fhíor do bhéal na bréige.
  • Níor cheil mé ar an gcompán-sa
    aon rún
    [gap: illegible]

    's do cheileadh sé go drochfháthach
    20] a rún
    [gap: illegible]
  • Tiucfaidh don ghníomh ghránna-sa
    d'imir mo chompán oram,
    nach biaidh meall mo bhrághad-sa
    ar iocht móráin san domhan.

  • 25]
  • Ní hiontaobhtha an aimsir-se;
    ná léig do rún le mórán;
    is duine lán d'aimhghliocas
    'gá mbí iomad na gcómpán.
  • Níl éinneach san saoghal darb aithne dham beó
    30] Le léigfinn mo chonséit ná fachain mo bhróin,
    Ach an té sin ar a smaenim don tarsna don ród,
    Ar ar thréigeas gach céile dá bhfacas go fóill.

  • p.38