Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 21
1]
Cionnas sin, a fhir na mbréag,
ós tú féin do fhéach a mbuaidh,
cionnas do-gheibh tú do dhíol,
is a léigeann tú dhíobh uait?
5]
Gidh iomdha re hiarraidh neith,
beir a bhuidhe sein re Dia,
nách deachaidh aonduine ód bhréig
nách bhfuair dhíobh an mhéid do iarr.
Dóchaide liom rath na mbréag
10] do leanmhain díot, a dhéad geal,
dá mbeitheá ar aoinbhréig a-mháin,
isé a caitheamh badh áil leat.
Ó nách lughaide do bhréag
tú dá roinn fó chéad ar chách,
15] dona d'aonduine tar th'éis
srian do chor re bréig go brath.
Dona don té choigleas í;
fán mbréig is mairg do-ní olc,
's an bhréag tugais uair a-réir
20] agad 'na cruth féin anocht.
Muca Manannáin mhic Lir,
uirsgéal sin bheanas re bréig;
aréir dhíobh dá marbhthaoi muc,
a beith iniu 'na cruth féin.
p.35