Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 19


1]
  • Caith a bhfuighe re daonnacht;
    bí fán saoghal go suarach;
    do mealladh lucht an doichill
    bhíos ag coigill a gcnuasach.

  • p.31


    5]
  • Mairidh gach cnuas dá gcaitear,
    ná bí faiteach dá sgaoileadh;
    bídh fear coigilte an tsaidhbhris
    fá lán daidhbhris nách saoiltear.
  • An Té do riar ar bheagán
    10] cách i gceartlár an fhásaigh,
    an rath i mbun na caithmhe
    isí m'aithne gur fhágaibh.
  • Seóid an bheatha dá n-áille
    acht mar sgáile ní mhairfid;
    15] ag dul san uaigh ón gcróchar
    duit badh dóchas a gcaithfir.
  • Ciodh maith turas is trosgadh,
    crábhadh gan osnadh bhréige,
    ré ndul duitse don tsaoghal
    20] is fearr daonnácht is féile.
  • Do-bhéaraidh Airdrí nimhe,
    do réir dhlighidh na n-ughdar,
    neamh agus clú re chéile
    d'fhear na féile do chumhdach.

  • 25]
  • Ó nách bhfaghthar ré a dhearbhadh
    go bhfoghnann meanma chumhang,
    ná bíom go doichleach doilbhir,
    bímíd go soilbhir subhach.
  • Córaide dhúinn bheith soichleach
    30] 's gan bheith doichleach fán saoghal,
    go dtéid do dhíth a chaithmhe
    biadh nách gcaitear re daonnacht.

  • p.32

  • A fhir an dorais dúnta
    len háil cúmhgach id chomhrann,
    35] an biadh curthar san gcamra
    caidhe an tarbha dá bhfoghnann?
  • Cumhdaigh do chlú go haireach,
    ná bí failleach i ndaonnacht;
    ní beó tar éis a náire
    40] neach dá shláine san tsaoghal.
  • Déana mar do-níodh Guaire,
    tréinfhear do b'uaisle croidhe;
    is buaine bladh ná saoghal;
    caith re daonnacht a bhfoighe.

  • 45]
  • Colam Cille mac Féilim,
    do bhí i nÉirinn 'na bhiatach,
    tug ar shaoghal an chlacuill (?)
    caitheamh an chapaill iasacht.
  • Aoibhneas an tsaoghail bhréagaigh
    50] ó nách béarthar don tsaoghal,
    le Dia tabhair a bhuidhe,
    's caith a bhfuighe re daonnacht.